Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

10 dtoradh in 8 ndoiciméad

  1. #2375679

    Dlús a chur le hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta chun go bhforbrófar creat cuimsitheach dlí agus institiúideach i gcomhréir le Coinbhinsiún Bhúdaipeist;

    Step up efforts in the fight against cybercrime to build a comprehensive legal and institutional framework in line with the Budapest Convention;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  2. #2383167

    Dlús a chur leis na hiarrachtaí sa chomhrac in aghaidh na cibearchoireachta, lena n-áirítear trí chreat cuimsitheach dlíthiúil agus institiúideach a thógáil i gcomhréir le Coinbhinsiún Bhúdaipeist.

    Step up efforts in the fight against cybercrime, including by building a comprehensive legal and institutional framework in line with the Budapest Convention.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  3. #2870730

    Bheadh sé sin i gcomhréir leis na téarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (ETS Uimh 185), arna dhéanamh i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001 (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’).

    This would be in line with the terms used in the Council of Europe Convention on Cybercrime (ETS No 185), done at Budapest on 23 November 2001 (‘Budapest Convention’).

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  4. #3109342

    Ba cheart malartú faisnéise agus cleachtas a bheith san áireamh leis sin, mar aon le tacaíocht chun dlíthe, beartais, cleachtais agus oiliúint iomchuí a fhorbairt a bheidh comhsheasmhach le Coinbhinsiún Bhúdaipeist.

    This should include exchange of information and practices and support for the development of appropriate laws, policies, practices and training compatible with the Budapest Convention.

    32023D2855

  5. #1626444

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear don Ostair, don Bheilg agus don Pholainn Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gConradh um Iompar Earraí ar Uiscebhealaí Intíre a dhaingniú nó aontú dó mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2014) 721.

    PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION AUTHORISING AUSTRIA, BELGIUM AND POLAND TO RATIFY, OR TO ACCEDE TO, THE BUDAPEST CONVENTION ON THE CONTRACT FOR THE CARRIAGE OF GOODS BY INLAND WATERWAYS TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2014) 721.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  6. #2393560

    Dá réir sin, go bhfuil an Coinbhinsiún comhoiriúnach leis na hionstraimí idirnáisiúnta atá ann cheana, go háirithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus na prótacail a ghabhann leis (2000), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (2003), Coinbhinsiún Bhúdaipeist ó Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht agus na prótacail a ghabhann leis (2001), agus ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha ábhartha eile, go háirithe iad sin a bhaineann le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint.

    Accordingly, the Convention is compatible with existing international instruments, in particular the 2000 United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its protocols, the 2003 United Nations Convention against Corruption, the 2001 Council of Europe Budapest Convention on Cybercrime and its protocols, but also other relevant international and regional instruments, in particular relating to the protection of human rights and fundamental freedoms.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil

  7. #2805284

    Bheadh sé sin i gcomhréir leis na téarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185), a rinneadh i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001, dá ngairtear Coinbhinsiún Bhúdaipeist freisin.

    This would be in line with the terms used in the Council of Europe Convention on Cybercrime (ETS No 185), done at Budapest on 23 November 2001, also referred to as the Budapest Convention.

    Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

  8. #2870747

    Tá an catagóiriú sin i gcomhréir le dlí go leor Ballstát agus le dlí an Aontais, amhail Treoir 2002/58/CE agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún Bhúdaipeist.

    Such categorisation is in line with the law of many Member States and Union law, such as Directive 2002/58/EC and the case law of the Court of Justice, as well as international law, in particular the Budapest Convention.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  9. #1891702

    Maidir leis an oibleagáid atá ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil go leictreonach, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin freisin aon uair a cheanglaítear le forálacha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nó dlí náisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faisnéis dá dtagraítear freisin i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha amhail na coinbhinsiúin lena rialaítear na conarthaí idirnáisiúnta iompair sna modhanna éagsúla iompair, mar shampla Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), Rún 672 an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta maidir le R-bhille Aeriompair, an Coinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montréal) agus Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gConradh um Iompar Earraí ar Uiscebhealaí Intíre.

    The obligation for competent authorities to accept information made available electronically by economic operators should also apply whenever provisions of Union legal acts or national law falling within the scope of this Regulation require information that is also referred to in relevant international conventions such as the conventions governing the international contracts of carriage in the different transport modes, for example the UN Convention on the Contract for the International Carriage of Goods by Road (CMR), the Convention concerning International Carriage by Rail (COTIF), the IATA Resolution 672 on E-air Waybill, the Convention for the Unification of Certain Rules for International Carriage by Air (Montreal Convention), and the Budapest Convention on the Contract for the Carriage of Goods by Inland Waterways (CMNI).

    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #2393522

    Mheabhraigh an Chomhairle sna conclúidí sin go bhféadfadh baint a bheith ag roinnt gnéithe den chaibidlíocht sin le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, trína chur i bhfios go láidir go ndéanann sí an méid seo a leanas: ‘tacaíonn sí agus cuireann sí chun cinn Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gCibearchoireacht agus tacaíonn sí agus cuireann sí chun cinn an obair atá ar bun ar an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Thairis sin, leanann sí de mhalartuithe iltaobhacha maidir leis an gcibearchoireacht a dhéanamh, lena n-áirítear sna próisis a bhaineann leis an gComhairle Eorpach, le hOifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) agus leis an gCoimisiún um Choireacht a Chosc agus um Cheartas Coiriúil, chun comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a áirithiú chun cur i gcoinne na cibearchoireachta, lena n-áirítear dea-chleachtais agus eolas teicniúil a mhalartú agus tacú le fothú acmhainneachta agus, ag an am céanna, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, a chur chun cinn agus a chosaint’.

    Therein, the Council recalled that several aspects of the negotiations on a comprehensive international convention on countering the use of information and communications technologies for criminal purposes could relate to the Common Foreign and Security Policy, by stressing that it ‘supports and promotes the Budapest Convention on Cybercrime and the ongoing work on the Second Additional Protocol to this Convention. Furthermore, it continues to engage in multilateral exchanges on cybercrime, including in processes related to the Council of Europe, the United Nations Office on Drugs and Crime (UNODC) and the Commission on Crime Prevention and Criminal Justice (CCPCJ), to ensure an enhanced international cooperation to counter cybercrime, including the exchange of best practices and technical knowledge and support for capacity building, while respecting, promoting and protecting human rights and fundamental freedoms’.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil