#2839607
Leis an Rialachán seo ba cheart freagairt freisin do Dhearbhú Cheannairí Ghlaschú maidir le Foraoisí agus Talamhúsáid arna eisiúint ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i mí na Samhna 2021, lena n-aithnítear ‘chun ár spriocanna maidir le talamhúsáid, an aeráid, an bhithéagsúlacht agus ár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh, go domhanda agus go náisiúnta araon, go gceanglófar breis gníomhaíocht chlaochlaitheach sna réimsí idirnasctha a bhaineann leis an táirgeacht agus an tomhaltas inbhuanaithe; forbairt bonneagair; trádáil, maoiniú agus infheistíocht; agus tacaíocht le haghaidh feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha, agus pobail áitiúla’.
This Regulation should also respond to the Glasgow Leaders’ Declaration on Forests and Land Use issued at the November 2021 UN Climate Change Conference, which recognises that ‘to meet our land use, climate, biodiversity and Sustainable Development Goals, both globally and nationally, will require transformative further action in the interconnected areas of sustainable production and consumption; infrastructure development; trade, finance and investment; and support for smallholders, indigenous peoples, and local communities’.