Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

11 toradh in 3 dhoiciméad

  1. #347565

    Ar an gcúis sin, mhol an ERG gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais éagsúla billeála a chuirtear i bhfeidhm ar an Eoratharaif ar an leibhéal miondíola.

    For this reason, the ERG recommended urgent action to address the different billing practices at retail level applied to the Eurotariff.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  2. #518232

    Ar an gcúis sin, mhol ERG gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais éagsúla billeála a chuirtear i bhfeidhm ar an taraif Eora-ghuthghlao ar leibhéal an mhiondíola.

    For this reason, the ERG recommended urgent action to address the different billing practices at retail level applied to the euro-voice tariff.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  3. #347547

    Go sonrach, mhol an ERG uasteorainn a chur ar an meánráta mórdhíola a mhuirearódh aon oibreoir áirithe ar aon oibreoir eile le haghaidh fhánaíocht SMS, agus leasú a dhéanamh ar an oibleagáid Eoratharaife chun go mbeadh tairiscint i leith fhánaíocht SMS ann de réir ráta nach mó ná uasteorainn shonraithe.

    More specifically, the ERG recommended introducing a cap on the average wholesale rate charged by any one operator to any other operator for SMS roaming, and amending the Eurotariff obligation to include an offer of SMS roaming at a rate no greater than a specified maximum cap.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  4. #347549

    Luaigh an ERG freisin ina fhreagairt ar chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ar oibriú Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 gur mheas sé go raibh gá le fánaíocht SMS a rialáil, ar na leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola araon, ionas gur fearr a bheadh praghsanna i gcomhréir le costais agus le praghsanna baile.

    The ERG also stated in its response to the Commission’s public consultation on the review of the operation of Regulation (EC) No 717/2007 that it considered that regulation of SMS roaming was necessary, at both wholesale and retail levels, in order to bring prices more into line with costs and with domestic prices.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  5. #347556

    Maidir le seirbhísí fánaíochta SMS, léirigh na sonraí margaidh a bhailigh an ERG agus an Coimisiún ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 go bhfuil cor ann ar fud an Chomhphobail ina bhfuil muirir mhórdhíola do na seirbhísí seo cobhsaí den chuid is mó agus nach bhfuil aon ghaolmhaireacht acu i ndáiríre leis na costais bhunúsacha.

    As regards SMS roaming services, the market data collected by the ERG and the Commission since the entry into force of Regulation (EC) No 717/2007 have demonstrated that a situation persists across the Community in which wholesale charges for these services have remained broadly stable and have no meaningful relationship with underlying costs.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  6. #347567

    Measann an ERG gurb é a lean as an gcleachtas atá ag oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste, is é sin, úsáid a bhaint as tréimhsí muirearaithe is faide ná soicind amháin agus iad i mbun billeála do sheirbhísí fánaíochta ar an leibhéal miondíola ná 24 % a chur le gnáthbhille Eoratharaife i gcás glaonna a rinneadh agus 19 % a chur le billí den sórt sin i gcás glaonna a fuarthas.

    The ERG has estimated that the practice of mobile operators of using charging intervals of more than one second when billing for roaming services at retail level has added 24 % to a typical Eurotariff bill for calls made and 19 % for calls received.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  7. #347586

    Maidir leis na sonraí faoi fhorbairt praghsanna do sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar fud an Chomhphobail ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lena n-áirítear go háirithe na sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta agus arna dtuairisciú ar bhonn ráithiúil trí mheán an ERG, ní thugann siad dóthain fianaise lena thabhairt le fios gur dócha go mbeidh iomaíocht ar na leibhéil mhiondíola nó mhórdhíola inbhuanaithe ó mhí an Mheithimh 2010 ar aghaidh gan bearta rialála a bheith i bhfeidhm.

    Data on the development of prices for Community-wide voice roaming services since the entry into force of Regulation (EC) No 717/2007, including in particular those collected by national regulatory authorities and reported on a quarterly basis through the medium of the ERG, do not provide sufficient evidence to suggest that competition at the retail or wholesale levels is likely to be sustainable from June 2010 onwards in the absence of regulatory measures.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  8. #347587

    Mar gheall air sin, ag gníomhú dóibh laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha maidir le Gréasáin agus Seirbhísí Leictreonacha Cumarsáide (ERG) agus ina bhfreagairt ar an gcomhairliúchán poiblí faoin athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, d’iarr na húdaráis rialála náisiúnta ar an gCoimisiún athuair gníomhú ar leibhéal an Chomhphobail, maidir leis an Rialachán a fhadú ó thaobh ama de agus maidir le seirbhísí fánaíochta SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí a rialáil.

    For this reason the national regulatory authorities, acting within the European Regulators Group for Electronic Communications Networks and Services (ERG), established by Commission Decision 2002/627/EC [4], in its response to the public consultation on the review of Regulation (EC) No 717/2007, once again called on the Commission to act at Community level, both as regards the prolongation of the Regulation and with regard to the regulation of SMS roaming and data roaming services.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  9. #518119

    Mar sin féin, tá léirithe ag an obair atá déanta ag na húdaráis rialála náisiúnta, ina n-aonar agus laistigh de Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha (ERG) agus dá chomharba Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 [13], ina n-anailís ar na margaí náisiúnta mórdhíola d’fhánaíocht idirnáisiúnta nár fhéad údarás rialála náisiúnta go dtí seo dul i ngleic go héifeachtúil leis an leibhéal ard atá ag muirir mhórdhíola fánaíochta uile-Aontais mar gheall ar an deacracht a bhaineann le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a aithint i bhfianaise imthosca sainiúla na fánaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gcineál trasteorann.

    However, the work undertaken by the national regulatory authorities, both individually and within the European Regulators Group (ERG) and its successor the Body of European Regulators for Electronic Communications (BEREC) established by Regulation (EC) No 1211/2009 of the European Parliament and of the Council [13], in analysing the wholesale national markets for international roaming has demonstrated that it has not yet been possible for a national regulatory authority to address effectively the high level of wholesale Union-wide roaming charges because of the difficulty in identifying undertakings with significant market power in view of the specific circumstances of international roaming, including its cross-border nature.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  10. #518230

    (53) Ba é an meastachán a rinne ERG, réamhtheachtaí BEREC, gurb é a lean as an gcleachtas atá ag oibreoirí soghluaiste, is é sin, úsáid a bhaint as tréimhsí muirearaithe is faide ná soicind amháin agus iad i mbun billeála do sheirbhísí fánaíochta ar leibhéal an mhiondíola ná 24 % a chur le gnáthbhille taraife Eora-ghuthghlao i gcás glaonna a rinneadh agus 19 % a chur le billí den sórt sin i gcás glaonna a fuarthas.

    (53) The ERG, the predecessor of the BEREC, estimated that the practice of mobile operators of using charging intervals of more than one second when billing for roaming services at retail level has added 24 % to a typical euro-voice tariff bill for calls made and 19 % for calls received.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  11. #1729127

    Tháinig BEREC in áit an ERG agus é mar aidhm leis cuidiú ar thaobh amháin le forbairt agus ar thaobh eile le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh do líonraí cumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí dhíriú ar chur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála a áirithiú do chumarsáid leictreonach.

    BEREC replaced the ERG and was intended to contribute, on one hand, to the development and, on the other, to the better functioning, of the internal market for electronic communications networks and services by aiming to ensure the consistent implementation of the regulatory framework for electronic communications.

    Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009Téacs atá ábhartha maidir le LEE.