Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2195897

    Agus an anailís choiteann agus nótaí treorach á bhforbairt, tabharfaidh an Ghníomhaireacht dá haire na Treoirlínte Incháilitheachta is déanaí ó UNCHR maidir le Measúnú ar Riachtanais Cosanta Idirnáisiúnta Iarrthóirí Tearmainn arb as tíortha tionscnaimh ar leith dóibh.

    In the development of the common analysis and guidance notes, the Agency shall take note of the most recent UNHCR Eligibility Guidelines for Assessing the International Protection Needs of Asylum-Seekers from specific countries of origin.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  2. #2195917

    Agus na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais dá dtagraítear i mír 2 á bhforbairt, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le UNCHR.

    In the development of the operational standards, indicators, guidelines and best practices referred to in paragraph 2, the Agency shall consult the Commission, the Member States and, where appropriate, the UNHCR.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  3. #2196036

    I mBallstáit ina bhfuil UNHCR ag feidhmiú agus a bhfuil sé d’acmhainn aige rannchuidiú maidir le freagairt ar iarraidh ar chúnamh oibríochtúil agus teicniúil faoi Airteagal 16(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú le UNCHR a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an phlean oibríochta, i gcás inarb iomchuí, agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann.

    In Member States where the UNHCR operates and has the capacity to contribute to responding to a request for operational and technical assistance under Article 16(1), the Agency shall coordinate with the UNHCR as regards the implementation of the operational plan, where appropriate and with the agreement of the Member State concerned.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010