#1866999
Tarchuirfidh EUNAVFOR MED IRINI chuig na Náisiúin Aontaithe gan mhoill, i gcomhréir le Rún 2509 (2020) ó UNSC, an fhaisnéis sin arna bailiú ar chásanna ina bhfuil ceist ann faoi neamhchomhlíonadh thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia dá bhforáiltear i Rún 1970 (2011) ó UNSC agus ruin a glacadh ina dhiadh sin, go háirithe Rúin 2292 (2016) agus 2473 (2019) ó UNSC, chomh maith leis an bhfaisnéis i ndáil le teagmhais neamhchomhlíontachta le bearta na Náisiún Aontaithe a bailíodh chun onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia a chosc dá bhforáiltear i Rún 2146 (2014) ó UNSC agus i rúin a glacadh ina dhiadh sin.
EUNAVFOR MED IRINI shall transmit without delay to the UN, in accordance with UNSCR 2509 (2020), the information gathered on suspected incidents of non-compliance with the UN arms embargo on Libya as provided in UNSCR 1970 (2011) and subsequent Resolutions, in particular UNSCRs 2292 (2016) and 2473 (2019), as well as the information gathered on suspected incidents of non-compliance with the UN measures to prevent illicit exports of petroleum from Libya as provided in UNSCR 2146 (2014) and subsequent Resolutions.