Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #1968912

    Maidir le táirgí de thionscnamh Phoblacht San Mairíne atá faoi Chaibidlí 1 go 97 den Chóras Comhchuibhithe, glacfaidh Meicsiceo leis na táirgí sin faoin gcóras custaim céanna sin atá i bhfeidhm maidir le táirgí a allmhairítear ón Aontas Eorpach agus ar de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad, fad a fhanfaidh an Comhaontú maidir le Comhar agus Aontas Custaim idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht San Mairíne arna dhéanamh sa Bhruiséil an 16 Nollaig 1991 i bhfeidhm.

    Products originating in the Republic of San Marino falling within Chapters 1 to 97 of the Harmonized System shall be accepted by Mexico under the same customs regime as that which applies to products imported from and originating in the European Union, as long as the Agreement on Cooperation and Customs Union between the European Economic Community and the Republic of San Marino, done at Brussels on 16 December 1991, remains in force.

    Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh agus Mheicsiceo an 16 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo i dtaca le sainmhíniú an choincheapa táirgí tionscnaimh agus le modhanna comhair riaracháin (Andóra agus San Mairíne, agus rialacha tionscnaimh táirgeshonracha áirithe le haghaidh ceimiceán) [2021/10]

  2. #1968913

    Táirgí de thionscnamh Mheicsiceo atá faoi Chaibidlí 1 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a allmhairítear isteach i San Mairíne, faigheann siad an chóir tharaife fhabhrach chéanna a fhaigheann na táirgí sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach iad, agus beidh sin amhlaidh fad a fhanfaidh an Comhaontú maidir le Comhar agus Aontas Custaim idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht San Mairíne arna dhéanamh sa Bhruiséil an 16 Nollaig 1991 i bhfeidhm.

    Products originating in Mexico falling within Chapters 1 to 97 of the Harmonized System benefit from the same preferential tariff treatment when imported into San Marino as they receive when imported into the European Union, as long as the Agreement on Cooperation and Customs Union between the European Economic Community and the Republic of San Marino, done at Brussels on 16 December 1991, remains in force.