#2212222
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)
European Fisheries Control Agency (EFCA)
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)
European Fisheries Control Agency (EFCA)
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach
European Fisheries Control Agency
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)
European Fisheries Control Agency (EFCA)
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach
European Fisheries Control Agency
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)
European Fisheries Control Agency (EFCA)
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach
European Fisheries Control Agency
á chur in iúl gur geal léi, ó 2017 i leith, go bhfuil an socrú oibre tríthaobhach idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú go maith; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí AE ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin agus á mheas gurb iomchuí an comhar idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a mhéadú freisin chun sonraí a bhailiú le haghaidh taighde eolaíoch ar éiceachórais mhuirí;
Welcomes the fact that, since 2017, the tripartite working arrangement between the Agency, the European Fisheries Control Agency (EFCA) and the European Border and Coast Guard Agency (Frontex) has functioned well; considers the arrangement an example of synergy between EU agencies that should inspire agencies in other areas; calls on the Agency to continue its efforts in that regard and considers it appropriate to also increase the cooperation between the Agency, the European Environmental Agency and the European Fisheries Control Agency in order to collect data for scientific research on marine ecosystems;
Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach nuair a bheidh comhchur i bhfeidhm na n-uirlisí faireachais á sholáthar;
the European Union Satellite Centre, the European Maritime Safety Agency and the European Fisheries Control Agency when providing the common application of surveillance tools;
Ba cheart an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a thabhairt ar an nGníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach.
The Community Fisheries Control Agency should be renamed the European Fisheries Control Agency.
Sa teideal agus in Airteagal 1, cuirtear na focail “an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach” in ionad na bhfocal “an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach”;
In the title and in Article 1, the words ‘Community Fisheries Control Agency’ are replaced by the words ‘European Fisheries Control Agency’;
ciallaíonn “EFCA” an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
‘EFCA’ means the European Fisheries Control Agency as established by Regulation (EU) 2019/473 of the European Parliament and of the Council;
An Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle [7] agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [8], ba cheart dóibh mar sin an comhar eatarthu féin a threisiú mar aon leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá i mbun feidhmeanna garda cósta chun feasacht staide muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht a bheidh comhtháite agus cost-éifeachtúil.
The Agency, the European Fisheries Control Agency established by Council Regulation (EC) No 768/2005 [7] and the European Maritime Safety Agency established by Regulation (EC) No 1406/2002 of the European Parliament and of the Council [8] should therefore strengthen their cooperation both with each other and with the national authorities carrying out coast guard functions to increase maritime situational awareness and to support coherent and cost-efficient action.
Is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na gníomhaireachtaí sin, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí.
The precise forms of cooperation on coast guard functions between the Agency, the European Fisheries Control Agency and the European Maritime Safety Agency shall be determined in a working arrangement, in accordance with their respective mandates and the financial rules applicable to those agencies.
Gan dochar do chumhachtaí Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 10(2), is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na Gníomhaireachtaí, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach.
Without prejudice to the powers of the Administrative Board of the Agency set out in Article 10(2), the precise forms of cooperation on coast guard functions between the Agency, the European Border and Coast Guard Agency and the European Fisheries Control Agency shall be determined in a working arrangement, in accordance with their respective mandates and the financial rules applicable to those agencies.
An Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle [3] dá ngairtear de ghnáth an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [4], agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [5], tacaíonn siad leis na húdaráis náisiúnta i bhfeidhmiú na coda is mó de na feidhmeanna sin.
The Community Fisheries Control Agency, established by Council Regulation (EC) No 768/2005 [3], commonly referred to as the European Fisheries Control Agency, the European Border and Coast Guard Agency, established by Regulation (EU) 2016/1624 of the European Parliament and of the Council [4], and the European Maritime Safety Agency, established by Regulation (EC) No 1406/2002 of the European Parliament and of the Council [5], support the national authorities in the exercise of most of those functions.
An Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), ba cheart dóibh mar sin an comhar eatarthu féin a threisiú mar aon leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá i mbun feidhmeanna garda cósta chun feasacht ar dhálaí muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht a bheidh comhtháite agus cost-éifeachtúil.
The Agency, the European Fisheries Control Agency (EFCA) and the European Maritime Safety Agency (EMSA) should therefore strengthen their cooperation both with each other and with the national authorities carrying out coast guard functions to increase maritime situational awareness and to support coherent and cost-efficient action.
Chun ionadaíocht na n-úsáideoirí a fhréamhú ar bhonn struchtúrach i rialachas GOVSATCOM agus chun riachtanais agus ceanglais úsáideoirí a chomhthiomsú thar theorainneacha náisiúnta agus sibhialta-mhíleata, féadfaidh róil chomhordúcháin le haghaidh grúpaí sonracha úsáideoirí a bheith ag na heintitis ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil dlúthnaisc acu le húsáideoirí, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, an Cumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe/an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Forfheidhmithe agus an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha.
To structurally embed the user representation in the governance of GOVSATCOM and to aggregate user needs and requirements across national and civil-military boundaries, the relevant Union entities with close user-ties, such as the European Defence Agency, the European Border and Coast Guard Agency (Frontex), the European Maritime Safety Agency, the European Fisheries Control Agency, the European Union Agency for Law Enforcement Cooperation, the Military Planning and Conduct Capability/Civilian Planning and Conduct Capability and the Emergency Response Coordination Centre may have coordinating roles for specific user groups.
Faoi Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an 24 Meitheamh 2014 agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann léi a glacadh an 16 Nollaig 2014, tá an chomhroinnt faisnéise agus comhar an gharda teorann agus cósta Eorpaigh a dhéantar idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an-tábhachtach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Under the European Union Maritime Security Strategy adopted by the Council of the European Union on 24 June 2014 and its Action Plan adopted on 16 December 2014, information sharing and the European border and coast guard cooperation between the European Fisheries Control Agency, the European Maritime Safety Agency and the European Border and Coast Guard Agency are key to deliver on those objectives.
I dteannta comhar an Aontais maidir le feidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin.
In addition to Union cooperation on coast guard functions among the European Border and Coast Guard Agency, the European Maritime Safety Agency, established by Regulation (EC) No 1406/2002 of the European Parliament and of the Council, and the European Fisheries Control Agency, established by Regulation (EU) 2019/473 of the European Parliament and of the Council, improved coherence of the activities in the maritime domain should also be achieved at national level.
á chur in iúl gur geal leis, ó 2017 i leith, go bhfuil an socrú oibre tríthaobhach idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú go maith; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí AE ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh;
Welcomes the fact that, since 2017, the tripartite working arrangement between the Agency, the European Fisheries Control Agency (EFCA) and the European Border and Coast Guard Agency (Frontex) has functioned well; considers the arrangement an example of synergy between EU agencies that should inspire agencies in other areas;
Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
Council Regulation (EC) No 768/2005 of 26 April 2005 establishing a Community Fisheries Control Agency and amending Regulation (EEC) No 2847/93 establishing a control system applicable to the common fisheries policy (OJ L 128, 21.5.2005, p. 1).
Chumhdaigh an dara hiniúchadh an comhar idir Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, agus fuarthas amach gur cheap an Ard-Stiúrthóireacht próisis chomhair atá leordhóthanach, éifeachtach agus éifeachtúil maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le comhlíontacht na bhforálacha idirnáisiúnta faoi Airteagal 30 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.
The second audit covered the cooperation between the Directorate-General for Maritime Affairs and Fisheries and the European Fisheries Control Agency, and it found that the Directorate-General designed adequate, effective and efficient cooperation processes on activities related to compliance with international provisions under Article 30 of the Common Fisheries Policy Regulation.
Ós rud é go bhfuil roinnt dúshlán iascaigh agus comhshaoil idirnasctha go mór, breithneoidh an Coimisiún, i gcomhthéacs na chéad mheastóireachta tréimhsiúla eile ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘EEA’), conas feabhas a chur ar an gcomhar agus ar chomhroinnt ábhartha sonraí idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach(‘an Ghníomhaireacht’) agus EEA agus an fhormáid ina bhféadfaí comhar feabhsaithe mar sin a chur ar bhonn foirmiúil, lena n-áirítear, más gá, trí aon togra reachtach ábhartha nó bearta eile a chur isteach chun na críche sin.
Given that a number of fisheries and environmental challenges are strongly interlinked, the Commission, in the context of the next periodical evaluation of the European Environment Agency (‘EEA’), will consider how to enhance cooperation and relevant sharing of data between the European Fisheries Control Agency (the ‘Agency’) and the EEA and in what format such enhanced cooperation could be formalised, including, if necessary, by submitting any relevant legislative proposal or other measures to that effect.