#1704890
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil beartaithe ag an ngearánaí [nó ag an gcosantóir] sa chaingean seo na doiciméid leithleacha a shonraítear anseo thíos a thabhairt ar aird i bhfianaise, agus go bhféadfaidh an cosantóir [nó an gearánaí], a aturnae nó a ghníomhaire iad a iniúchadh i an , idir agus a chlog, agus ceanglaítear leis seo ar an gcosantóir [nó ar an ngearánaí], laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead ón am deiridh atá luaite, a admháil go ndearnadh cibé cinn de na doiciméid sin a shonraítear mar dhoiciméid bhunaidh a scríobh, a shíniú nó a fhorghníomhú mar a airbheartaítear iontu faoi seach; gur cóipeanna dílse na doiciméid díobh a sonraítear gur cóipeanna iad; agus go ndearnadh na doiciméid sin a bhfuil sé luaite gur seirbheáladh, gur seoladh nó gur seachadadh iad a sheirbheáil, a sheoladh nó a sheachadadh amhlaidh faoi seach; seachas gach eisceacht chóir maidir le hinghlacthacht na ndoiciméad sin uile mar fhianaise sa chaingean seo.
Take notice that the plaintiff [or defendant] in this action proposes to adduce in evidence the several documents hereunder specified, and that the same may be inspected by the defendant [or plaintiff] his solicitor or agent at on , between the hours of and the defendant [or plaintiff] is hereby required, within forty-eight hours from the last-mentioned hour, to admit that such of the said documents as are specified to be originals were respectively written, signed, or executed as they purport respectively to have been; that such as are specified as copies are true copies; and such documents as are stated to have been served, sent or delivered, were so served, sent, or delivered respectively; saving all just exceptions to the admissibility of all such documents as evidence in this action.