Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

34 toradh in 22 doiciméad

  1. #1699965

    dáta déanta an chonartha chun an iasacht a aisíoc;

    the date when the contract for repayment was made;

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #2016973

    Tagraíonn aibíocht iasachta don mhéid ama atá fágtha chun an iasacht a aisíoc.

    The tenor of a loan refers to the amount of time left for the repayment of a loan.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/598 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun ualaí riosca a shannadh do neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #577126

    Úsáidtear na fáltais chun an tsuim gan íoc ar an iasacht a aisíoc agus taifeadtar aon difríocht idir na suimeanna sin mar aistriú caipitil.

    The proceeds are used to repay the amount outstanding on the loan and any difference between those amounts is recorded as a capital transfer.

    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  4. #2263944

    Dá réir sin, thuigfí i MEO go raibh praghas díola féideartha Alitalia níos ísle ná an praghas díola íosta leis an iasacht a aisíoc, i.e. EUR 627 milliún (aithris 255).

    Hence, an MEO would have realised that the potential sales price of Alitalia was lower than the minimum sales price to repay the loan, i.e. EUR 627 million (see recital 255).

    Cinneadh (AE) 2022/795 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia SA.48171 (2018/C) (ex 2018/NN, ex 2017/FC) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6659) (Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #156287

    ciallaíonn "úinéireacht" cibé leas nó comhcheangal de leasanna i dteach a dhéanfaidh mar aon le leas cheannaitheoir na húinéireachta leas feo shimplí i seilbh nó leas léasachta i seilbh de cibé uimhir blianta nach bhfuil caite ag dáta déanta na hiasachta nó, i gcás go ndéantar an iasacht ina tráthchodanna, ag dáta íoctha an chéad tráthchoda, atá cothrom leis an téarma atá socraithe chun an iasacht a aisíoc, nó atá níos mó ná an téarma sin;

    "ownership" means such interest or combination of interests in a house as, together with the interest of the purchaser of the ownership, will constitute either a fee simple interest in possession or a leasehold interest in possession of such number of years unexpired at the date on which the loan is made or, where the loan is made in instalments, at the date of the payment of the first instalment, as is equal to or greater than the term fixed for the repayment of the loan;

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  6. #156326

    Déanfar iasacht a aisíoc maille le hús laistigh de cibé tréimhse nach faide ná 30 bliain ó dháta déanta na hiasachta nó, má dhéantar an iasacht ina tráthchodanna, ó cibé dáta nach déanaí ná an dáta a rinneadh an tráthchuid dheireanach a íoc, de réir mar a shocróidh an t-údarás tithíochta.

    A loan shall be repaid with interest within such period not exceeding 30 years from the date of the making of the loan or, if the loan is made by instalments, from such date not later than the date of the payment of the final instalment as may be determined by the housing authority.

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  7. #156330

    Féadfar iasacht a aisíoc ina tráthchodanna cothroma de bhunairgead nó i mblianacht de bhunairgead agus d'ús le chéile agus déanfar gach íocaíocht ar chuntas de bhunairgead nó d'ús ag na heatraimh sin, is eatraimh leathbhliantúla ar a mhéid, de réir mar a chinnfidh an t-údarás tithíochta.

    A loan may be repaid either by equal instalments of principal or by an annuity of principal and interest combined and all payments on account of principal or interest shall be made at such intervals, which shall not be more than half-yearly intervals, as may be determined by the housing authority.

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  8. #180046

    (1) I gcás go bhforáiltear i gcomhaontú nó i gcomhshocraíocht idir mórdhíoltóir agus miondíoltóir go ndéanfar iasacht a thug an mórdhíoltóir don mhiondíoltóir a aisíoc trí íocaíocht amháin ar dháta sonraithe, féadfaidh an miondíoltóir, d'ainneoin aon fhorála den chomhaontú nó den chomhshocraíocht, an iasacht a aisíoc trí íocaíocht amháin a dhéanfar tráth ar bith roimh an dáta sin.

    (1) Where an agreement or arrangement between a wholesaler and a retailer provides for the repayment of a loan made by the wholesaler to the retailer by one payment upon a specified date, the retailer may, notwithstanding any provision of the agreement or arrangement, repay the loan by a single payment made at any time before that date.

    Ionstraimí Reachtúla: 1981

  9. #468302

    "(7A) I gcás go ndéanfaidh iontaobhaithe iontaobhais lena mbaineann an t-alt seo urrúis a dhíol ar an margadh oscailte, ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhabhróidh chuig na hiontaobhaithe sin, má úsáidtear, agus a mhéid a úsáidtear, na fáltais ón díol sin chun airgead a fuair na hiontaobhaithe sin ar iasacht a aisíoc nó chun ús ar iasachtaí den sórt sin a íoc.",

    "(7A) Where the trustees of a trust to which this section applies sell securities on the open market, any gain accruing to such trustees shall not be a chargeable gain if, and to the extent that, the proceeds of such sale are used to repay monies borrowed by those trustees or to pay interest on such borrowings.’’, and

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  10. #510181

    maoiniú ar aonad eacnamaíochta ar leith ina bhfuil an t-iasachtóir sásta sreafaí airgid agus tuillimh an aonaid eacnamaíochta sin a mheas mar fhoinse cistí as a ndéanfar an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil sé sásta sócmhainní an aonaid eacnamaíochta a mheas mar chomhthaobhacht don iasacht,

    the financing of a particular economic unit in which a lender is satisfied to consider the cash flows and earnings of that economic unit as the source of funds from which a loan will be repaid and to the assets of the economic unit as collateral for the loan,

    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle

  11. #510474

    maoiniú ar aonad eacnamaíochta ar leith ina bhfuil an t-iasachtóir sásta sreafaí airgid agus tuillimh an aonaid eacnamaíochta sin a mheas mar fhoinse cistí as a ndéanfar an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil sé sásta sócmhainní an aonaid eacnamaíochta a mheas mar chomhthaobhacht don iasacht;

    the financing of a particular economic unit in which a lender is satisfied to consider the cash flows and earnings of that economic unit as the source of funds from which a loan will be repaid and to the assets of the economic unit as collateral for the loan;

    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle

  12. #1107855

    (b) Úsáidfidh údarás áitiúil aon íocaíocht a thabharfar dóibh faoi mhír (a) den fho-alt seo chun airgead a fuarthas ar iasacht a aisíoc nó, le toiliú an Aire, chun aon chríche ar féidir go cuí airgead caipitil a úsáid chuige.

    ( b ) A local authority shall apply any payment made to them under paragraph (a) of this subsection to the repayment of borrowed money or, with the consent of the Minister, to any purpose to which capital money may be properly applied.

    Uimhir 27 de 1958: ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1958

  13. #1163136

    (4) Chun críocha an ailt seo is éard is “úinéireacht” ann cibé leas nó cuallaíocht leas i dteach a chomhdhéanfaidh leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh nó leas léasach i seilbh go ceann an oiread bliana gan chaitheamh ar an dáta a údaróidh an t-údarás tithe an iasacht faoin alt seo i leith an tí agus is comhionann le, nó is faide ná, comhshuim an téarma a bheidh socair chun an iasacht a aisíoc agus cúig bliana déag.

    (4) For the purposes of this section "ownership" shall be such interest or combination of interests in a house as will constitute either a fee simple (including fee farm) interest in possession Or a leasehold interest in possession of such number of years unexpired at the date on which the loan under this section in respect of the house is authorised by the housing authority as is equal to or greater than the sum of the term fixed for the repayment of the loan and fifteen years.

    Uimhir 27 de 1962: ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962

  14. #1215942

    (5) Chun críocha an ailt seo, is éard is “úinéireacht” ann an leas sin nó an cónasc leasanna sin i dteach gur leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh é nó leas léasach i seilbh ar feadh an méid sin blianta a bheidh gan chaitheamh ar an dáta ar a ndéanfaidh an t-údarás tithíochta an iasacht faoin alt seo i leith an tí a údarú agus is comhionann le suim, nó is mó ná suim, an téarma a shocrófar chun an iasacht a aisíoc agus cúig bliana déag.

    (5) For the purposes of this section, "ownership" shall be such interest or combination of interests in a house as will constitute either a fee simple (including fee farm) interest in possession or a leasehold interest in possession of such number of years unexpired at the date on which the loan under this section in respect of the house is authorised by the housing authority as is equal to or greater than the sum of the term fixed for the repayment of the loan and fifteen years.

    Uimhir 21 de 1966: ACHT NA dTITHE, 1966

  15. #1334054

    (a) a ghabháil air féin, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfaidh sé as aon chaillteanas a eascróidh as athrú ar an ráta iomlaoide a mhéadódh an costas, in airgead reatha an Stáit, a bhainfeadh le príomh shuim aon airgid a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht a aisíoc nó le hús ar an airgead sin a íoc, nó

    ( a ) undertake, subject to such terms and conditions as he thinks fit, to bear any loss arising out of changes in the rate of exchange which would increase the cost in the currency of the State of the repayment of the principal of any money raised or borrowed by the Corporation or the payment of interest on such money, or

    Uimhir 2 de 1978: AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978

  16. #1334602

    —(1) I gcás muirear i bhfabhar na Corparáide chun iasacht a aisíoc a bheith cláraithe mar ualach a théann i gcion ar thalamh cláraithe, ansin, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh tosaíocht agus sáraíocht amhail i gcoinne na talún ag an muirear (lena n-áirítear ús agus costais agus caiteachais na n-imeachtaí dlí go léir a thion scnóidh an Chorparáid chun an méid a réadú a bheidh dlite tráth ar bith ar scór an mhuirir) ar aon éileamh cothromais i gcoinne na talún.

    —(1) Where a charge in favour of the Corporation for the repayment of a loan is registered as a burden affecting registered land, then, subject to subsection (2) and (3), the charge (including interest and the costs and expenses of all legal proceedings instituted by the Corporation for the purpose of realising the amount at any time owing on foot of the charge) shall as against the land be in priority to and shall override any equitable claim against the land.

    Uimhir 2 de 1978: AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978

  17. #1351252

    (7) San alt seo, ciallaíonn “úinéireacht” an leas sin nó an cónasc leasanna sin i dteach a thugann gur leas feo simplí i seilbh é nó gur leas léasach (lena n-áirítear deontas feofheirme) i seilbh é ar feadh an méid sin blianta a bheidh gan chaitheamh ar an dáta a ndéanfaidh an t-údarás tithíochta an iasacht faoin alt seo i leith an tí a údarú agus is comhionann leis an téarma nó is mó ná an téarma a shocrófar chun an iasacht a aisíoc.

    (7) In this section "ownership" means such interest or combination of interests in a house as constitutes either a fee simple interest in possession or a leasehold interest (including fee farm grant) in possession of such number of years unexpired at the date on which the loan under this section in respect of the house is authorised by the housing authority as is equal to or greater than the term fixed for the repayment of the loan.

    Uimhir 27 de 1979: ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1979

  18. #1491097

    (2) Folaíonn an chumhacht chun iasachtaí tithíochta a thabhairt an chumhacht iad a thabhairt ar cibé téarmaí a cheadóidh an Banc Ceannais fiú amháin más féidir an méid a bheidh dlite don chumann a bheith níos mó ná luach an urrúis tráth ar bith tar éis an iasacht a thabhairt agus, i gcás inar mó an méid a bheidh dlite don chumann i leith caipitil ná méid na hiasachta, folaíonn aon tagairt san Acht seo don iasacht a aisíoc tagairt don bhreis a íoc.

    (2) The power to make housing loans includes power to make them on such terms as may be approved by the Central Bank even if the amount due to the society may exceed the value of the security at any time after the loan has been made and, where the amount due to the society in respect of capital exceeds the amount of the loan, any reference in this Act to the repayment of the loan includes reference to payment of the excess.

    Uimhir 17 de 1989: AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

  19. #1796503

    chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid chreidmheasa trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a bhaint as tuarastal míosúil nó pinsean an iasachtaí;

    in order to repay the loan, the borrower unconditionally authorises the pension fund or employer to make direct payments to the credit institution by deducting the monthly payments on the loan from the borrower's monthly pension or salary;

    Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  20. #1893944

    i gcás ina measfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach dócha go ndéanfaidh an t-úinéir tionscadail a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh an iasacht a aisíoc ina hiomláine, gan aon ús urrúis ábhartha á chur i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ná aon bhearta eile á ndéanamh aige a mbeadh an tionchar céanna acu;

    where the crowdfunding service provider considers that the project owner is unlikely to fulfil its obligations to repay the loan in full, without the crowdfunding service provider enforcing any relevant security interest or taking other steps with analogous effect;

    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2218175

    Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar speansais fhorlíontacha a eascraíonn as oifigigh an Aontais a bheith ar iasacht, i.e. chun na liúntais a íoc agus caiteachas a bhfuil siad ina theideal mar gheall ar bheith ar iasacht a aisíoc.

    This appropriation is intended to cover supplementary expenses arising from the secondment of Union officials, i.e. to pay the allowances and reimburse the expenditure to which secondment entitles them.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  22. #2219078

    speansais fhorlíontacha a eascraíonn as oifigigh an Aontais a bheith ar iasacht, i.e. chun na liúntais a íoc agus caiteachas a bhfuil siad ina theideal mar gheall ar an iasacht a aisíoc, chomh maith leis na costais a bhaineann le scéimeanna oiliúna speisialta le húdaráis agus comhlachtaí sna Ballstáit agus i dtríú tíortha.

    supplementary expenses arising from the secondment of Union officials, i.e. to pay the allowances and reimburse the expenditure to which secondment entitles them, as well as costs relating to special training schemes with authorities and bodies in the Member States and third countries.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  23. #2263355

    Cuireann Ryanair faisnéis isteach freisin á rá nach amháin go bhfuil sócmhainní Alitalia neamh-leordhóthanach chun an iasacht a aisíoc ach go leanann sé de bheith ag déanamh caillteanais, agus EUR 1,75 milliún á gcailleadh aige in aghaidh an lae agus EBIDTA diúltach laethúil EUR 0,7 milliún aige.

    Ryanair also submits that in addition to Alitalia’s assets being insufficient to reimburse the loan, it remains loss-making, losing EUR 1,75 million per day with a daily negative EBIDTA of EUR 0,7 million.

    Cinneadh (AE) 2022/795 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia SA.48171 (2018/C) (ex 2018/NN, ex 2017/FC) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6659) (Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #2263882

    Is toisc ríthábhachtach éiginnteachta í sin, óir tá an praghas díola EUR [100-150] milliún, arna ríomh ar bhonn luach cothromais Alitalia roimh an riarachán urghnách, i bhfad níos lú ná an EUR 627 milliún a theastaigh chun an iasacht a aisíoc (aithris 255).

    That is a crucial factor of uncertainty, as the sales price of EUR [100-150] million, calculated on the basis of Alitalia’s equity value prior to the extraordinary administration, is well below the EUR 627 million needed to repay the loan (see recital 255).

    Cinneadh (AE) 2022/795 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia SA.48171 (2018/C) (ex 2018/NN, ex 2017/FC) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6659) (Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2649291

    I ngeall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an gcoibhéis deontais chomhláin a dhéanamh amach i gcás cabhair a dheonaítear do ghnóthais a bhféadfadh sé nach mbeidís in ann an iasacht a aisíoc, níor cheart feidhm a bheith ag an riail seo maidir le gnóthais den sórt sin.

    Given the difficulties in determining the gross grant equivalent of aid granted to undertakings that may not be able to repay the loan, this rule should not apply to such undertakings.

    Teachtaireacht ón gCoimisiún Formheas ábhar an dréachta le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis 2022/C 435/05

  26. #2669658

    Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo fóirdheontas úis a dheonú a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt, cé is moite de chostais a bhaineann leis an iasacht a aisíoc go luath, i ndáil leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo.

    This appropriation is intended to cover activities aiming at granting an interest rate subsidy related to the borrowing and lending, with the exception of costs related to early repayment of the loan, in respect of the loans under this Regulation.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  27. #2670162

    Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar speansais fhorlíontacha a eascraíonn as oifigigh an Aontais a bheith ar iasacht, i.e. chun na liúntais a íoc agus caiteachas a bhfuil siad ina theideal mar gheall ar bheith ar iasacht a aisíoc.

    This appropriation is intended to cover supplementary expenses arising from the secondment of Union officials, i.e. to pay the allowances and reimburse the expenditure to which secondment entitles them.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  28. #2671025

    speansais fhorlíontacha a eascraíonn as oifigigh an Aontais a bheith ar iasacht, i.e. chun na liúntais a íoc agus caiteachas a bhfuil siad ina theideal mar gheall ar an iasacht a aisíoc, chomh maith leis na costais a bhaineann le scéimeanna oiliúna speisialta le húdaráis agus comhlachtaí sna Ballstáit agus i dtríú tíortha.

    supplementary expenses arising from the secondment of Union officials, i.e. to pay the allowances and reimburse the expenditure to which secondment entitles them, as well as costs relating to special training schemes with authorities and bodies in the Member States and third countries.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  29. #2716446

    Maoiniúchán ar aonad eacnamaíochta ar leith ina bhfuil an t-iasachtóir sásta sreafaí airgid agus tuillimh an aonaid eacnamaíochta sin a mheas mar fhoinse cistí as a ndéanfar an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil sé sásta sócmhainní an aonaid eacnamaíochta a mheas mar chomhthaobhacht don iasacht.

    The financing of a particular economic unit in which a lender is satisfied to consider the cash flows and earnings of that economic unit as the source of funds from which a loan will be repaid and to the assets of the economic unit as collateral for the loan.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/262 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu

  30. #2912010

    Sa chás athstruchtúraithe, shuigh an Coimisiún go bhféadfadh údaráis na hIodáile measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht stairiúil Alitalia SAI, inar taispeánadh sreabhadh airgid diúltach do 2015 agus 2016, a chuaigh in olcas in 2017 agus ina dtaispeánfaí ansin, agus na deacrachtaí breise ag teacht sa mhullach ó neamhchinnteacht a bhainfeadh le Alitalia SAI a chur faoi riarachán urghnách á dtabhairt san áireamh, nár dhóchúil go mbeadh Alitalia SAI in ann an iasacht a aisíoc.

    In the restructuring scenario, the Commission found that the Italian authorities could have assessed Alitalia SAI’s historic performance, which showed negative cash flow for 2015 and 2016, worsening in 2017 and then, taking into account the additional headwind from the uncertainty of placing Alitalia SAI into extraordinary administration, would have shown that Alitalia SAI was unlikely to be able to repay the loan.

    Cinneadh (AE) 2023/2160 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia (iasacht nua do Alitalia) SA.55678 (2019/NN), arna cur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1713)

  31. #2912012

    Sa chás díolacháin, mheas an Coimisiún faoin dáta aibíochta (deireadh na tréimhse 6 mhí tar éis an chéad iasacht a aisíoc) go mbeadh iarmhéid airgid Alitalia SAI i bhfad ní ba lú ná na méideanna a bheadh dlite ar an iasacht agus ná an t-ús, agus dá bhrí sin, go mbraithfeadh an aisíocaíocht ar shócmhainní Alitalia SAI a dhíol ar phraghas dar luach EUR 627 milliún ar a laghad.

    In the sale scenario, the Commission considered that at the maturity date (the end of the six-month period after disbursing the first loan) Alitalia SAI’s cash balance would have fallen far short of the amounts due on the loan and the interest and, thus, that the repayment would have depended on selling Alitalia SAI’s assets at a price amounting to at least EUR 627 million.

    Cinneadh (AE) 2023/2160 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia (iasacht nua do Alitalia) SA.55678 (2019/NN), arna cur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1713)

  32. #2912016

    Thairis sin, i measúnú neamhspleách an Choimisiúin ar bhonn an ‘mhodha iolraigh’ i.e. staid airgeadais Alitalia SAI i leith pharaiméadair na gcuideachtaí comhchosúla, deimhníodh an chonclúid go dtiocfadh méid ó shócmhainní Alitalia SAI a dhíol a bheadh go mór faoi bhun EUR 627 milliún, a mbeadh gá leis chun an chéad iasacht a aisíoc.

    Furthermore, the Commission’s independent assessment based on the ‘multiples method’, i.e. comparing Alitalia SAI’s financials to the parameters of similar companies, confirmed the conclusion that a sale of Alitalia SAI’s assets would have brought an amount well below EUR 627 million, which would have been needed to repay the first loan.

    Cinneadh (AE) 2023/2160 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 maidir le státchabhair i bhfabhar Alitalia (iasacht nua do Alitalia) SA.55678 (2019/NN), arna cur chun feidhme ag an Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1713)

  33. #2985222

    Ligtear do chustaiméir an mhorgáiste leis na téarmaí conarthacha an iasacht a aisíoc (i.e. an oibleagáid don bhanc a chomhlíonadh) trí bhíthin an banna comhfhreagrach a dhíol ar luach cóir sa mhargadh agus an banna sin a sholáthar chuig banc an mhorgáiste.

    The contractual terms of the loan permit the mortgage customer to prepay its loan (ie satisfy its obligation to the bank) by buying the corresponding bond at fair value in the market and delivering that bond to the mortgage bank.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #2985228

    Sa sampla i mír B5.7.10, tá nasc conarthach idir iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais agus na hathruithe luach cóir na sócmhainne airgeadais (i.e. de thoradh cheart conarthach chustaiméir an mhorgáiste an iasacht a aisíoc trí bhíthin an banna a cheannach ar luach cóir agus an banna a sholáthar chuig banc an mhorgáiste).

    In the example in paragraph B5.7.10, there is a contractual linkage between the effects of changes in the credit risk of the liability and changes in the fair value of the financial asset (ie as a result of the mortgage customer's contractual right to prepay the loan by buying the bond at fair value and delivering the bond to the mortgage bank).

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)