#1665453
Níor cheart an chríoch chéanna a bheith leo ná níor cheart na spriocanna céanna a shaothrú leo agus a dhéantar le sleachta nó cóipeanna verbatim de thaifid ar stádas sibhialta, sleachta ilteangacha as taifid ar stádas sibhialta, sleachta ilteangacha códaithe as taifid ar stádas sibhialta nó deimhnithe ilteangacha agus códaithe ar stádas sibhialta a bunaíodh le Coinbhinsiún CISS Uimh. 2 maidir le taifid ar stádas sibhialta a eisiúint saor in aisce agus díolmhú ó dhlisteanú cóipeanna díobh, Coinbhinsiún CISS Uimh. 16 maidir le sleachta ilteangacha ó thaifid ar stádas sibhialta a eisiúint agus Coinbhinsiún CISS Uimh. 34 maidir le sleachta ilteangacha agus códaithe as taifid ar stádas sibhialta, chomh maith le deimhnithe ilteangacha agus códaithe a eisiúint.
They should not have the same purpose or pursue the same objectives as extracts from, or verbatim copies of, civil status records, multilingual extracts from civil status records, multilingual and coded extracts from civil status records or multilingual and coded civil status certificates established by ICCS Convention No 2 on the issue free of charge and the exemption from legalisation of copies of civil status records, ICCS Convention No 16 on the issue of multilingual extracts from civil status records and ICCS Convention No 34 on the issue of multilingual and coded extracts from civil status records and multilingual and coded civil status certificates.