Gaois

Maidir leis an gcorpas comhthreomhar

Is éard atá sa suíomh seo ná inneall cuardaigh a ligeann don úsáideoir cuardach a dhéanamh i gcorpas comhthreomhar ailínithe de théacsanna reachtaíochta. Tá c.102.9 milliún focal sa chorpas, c.53.5 milliún i nGaeilge agus c.49.4 milliún i mBéarla. Is féidir cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása i mBéarla nó i nGaeilge agus ginfear liosta de na míreanna sa chorpas ina bhfuil an téarma/frása sin le fáil. Is féidir leis an úsáideoir an liosta míreanna sin a fheiceáil taobh le taobh lena gcóimhíreanna sa teanga eile.

Cruthaíodh an corpas ar dtús mar áis inmheánach d’fhoireann eagarthóireachta ghrúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, chun an obair théarmeolaíochta ar thionscadal LEX a éascú ach fuarthas cead ón gCoimisiún Eorpach agus ó Rialtas na hÉireann ina dhiaidh sin chun na hábhair seo a leanas a chur ar fáil don phobal i riocht ailínithe:

  • Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (Conarthaí): Ábhar ailínithe Gaeilge-Béarla ó Chonarthaí an Aontais Eorpaigh.
  • Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (Rialacháin agus Treoracha): Ábhar ailínithe Gaeilge-Béarla ó Rialacháin agus Treoracha an Aontais Eorpaigh.
  • Doiciméid neamhreachtacha Eorpacha: Doiciméid neamhreachtacha de chuid an Aontais Eorpaigh (achtanna ullmhúcháin agus téacsanna neamhreachtacha eile).
  • Bunreacht na hÉireann: Bunreacht 1937.
  • Achtanna an Oireachtais: Formhór na nAchtanna ón tréimhse 1922-2003 agus Achtanna áirithe eile a ailíníodh ó shin.
  • Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann): Doiciméid neamhreachtacha de chuid Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais. I measc na ndoiciméad seo tá preasráitis, teidil, tairiscintí, rúin, rúin airgeadais agus ráitis.
  • Ionstraimí Reachtúla na hÉireann:
    • 97 Ionstraim Reachtúil ón mbliain 1978.
    • Formhór Ionstraimí Reachtúla na mblianta 1980 agus 1981.
    • Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 (IR Uimh. 391 de 2008).
    • 14 Ionstraim Reachtúil ó na blianta 1999, 2007, 2008, 2010, 2011 agus 2012, curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
    • Ionstraim Reachtúil Uimh. 477 de 2011.
  • Rialacha Cúirte na hÉireann:
    • Na Rialacha Cúirte Dúiche (IR Uimh. 93 de 1997), curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
    • Na Rialacha Cúirte Cuarda (IR Uimh. 510 de 2001), curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
    • Rialacha na nUaschúirteanna (IR Uimh. 15 de 1986), curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Cuirfidh Gaois leis an gcorpas de réir a chéile. Is féidir teacht ar liosta de gach téacs ailínithe atá le fáil sa chorpas comhthreomhar ach cliceáil anseo.