Gaois

Reachtaíocht na hÉireann: Comhaid le híoslódáil

Tá reachtaíocht na hÉireann as an gcorpas comhthreomhar ar fáil anseo le híoslódáil i gcomhaid éagsúla TMX. Is féidir le haistritheoirí a úsáideann bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe na comhaid seo a iompórtáil sna bogearraí sin chun a gcuid oibre a éascú.

Tá an reachtaíocht bhunaidh faoi chóipcheart Rialtas na hÉireann. Tá na cuimhní aistriúcháin ailínithe meaisín-inléite díorthacha faoi chóipcheart Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) agus cuirtear iad ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0).

Tá na comhaid ar fáil san fhormáid TMX (Translation Memory eXchange). Tá an fhormáid TMX oiriúnach le hiompórtáil i mbogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe. Tiomsaíonn na comhaid péirí de shleachta Gaeilge agus Béarla.

Déantar athnuachan ar na comhaid seo go tréimhsiúil. Is fiú leagan nua a íoslódáil anseo go rialta le bheith cinnte go bhfuil an leagan is deireanaí agat i gcónaí. Má chláraíonn tú dár liosta ríomhphoist, cuirfear ar an eolas tú nuair a bheidh leagan nua ar fáil.

Tabhair ar aird: níl reachtaíocht an Aontais Eorpaigh ar fáil le híoslódáil.