Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

95 toradh in 40 doiciméad

  1. #2232699

    Ní fhéadfar inneachar cumarsáide a bhailiú ach amháin mar mhodh forlíontach chun imscrúdú coiriúil a éascú (i.e. mar rogha dheireanach) agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun cur isteach ar rúin chumarsáide daoine a íoslaghdú.

    The collection of the content of communications may only take place as a supplementary means of facilitating a criminal investigation (i.e. as a measure of last resort) and efforts must be made to minimise the interference with people's communication secrets.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2232768

    Le hAirteagal 83(3) de TBA, ceadaítear d’oibreoirí gnó teileachumarsáide iarraidh a chomhlíonadh (a dhéantar chun tacú le triail nó imscrúdú coiriúil nó le pionós a ghearradh) ó chúirt, ó ionchúisitheoir nó ó cheann gníomhaireachta imscrúdaithí, maidir le “sonraí cumarsáide” a nochtadh.

    Article 83(3) of the TBA allows telecommunications business operators to voluntarily comply with a request (made in support of a criminal trial, investigation or the execution of a sentence) from a court, prosecutor or the head of an investigative agency, to disclose ‘communications data’.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2232780

    In imthosca eisceachtúla, féadfaidh moill a bheith ar an bhfógra sin, go háirithe dá gcuirfeadh an fógra imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt agus a fhad is go mbeadh sin amhlaidh, nó más dócha go ndéanfaidh sé díobháil do shaol nó do chorp duine eile, i gcás inar follasach gur mó na cearta nó na leasanna sin ná cearta an ábhair sonraí.

    In exceptional situations, such notification may be delayed, in particular if and for as long as the notification would jeopardise an ongoing criminal investigation or is likely to harm the life or body of another person, where those rights or interests are manifestly superior to the rights of the data subject.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2233131

    I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Acht, féadfar diúltú d’ábhair nó d’earraí a chuirfear isteach dá ndéanfadh cur isteach na nithe sin dochar don rúndacht stáit, dá mba dhócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh.

    In accordance with Article 36(7) of the Act, the submission of materials or articles may be rejected if it would prejudice state confidentiality liable to have a substantial effect on state security or diplomatic relations or would present a serious obstacle to a criminal investigation or pending trial.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2233144

    Mar shampla, mura bhfuil ar chumas NHRC, go heisceachtúil, cigireacht a dhéanamh ar ábhair nó ar shaoráidí áirithe toisc go mbaineann siad le rúin de chuid an stáit ar dócha go mbeadh éifeacht shubstaintiúil acu ar shlándáil an stáit nó ar chaidreamh taidhleoireachta nó dá mba chonstaic thromchúiseach a bheadh iontu roimh imscrúdú coiriúil nó roimh thriail atá ar feitheamh (féach fonóta 166), agus i gcás ina gcuirfidh sin cosc ar NHRC an t-imscrúdú is gá a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntais na hachainí a fuarthas, cuirfidh sé an duine aonair ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh don ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 39 d'Acht NHRC.

    For example, if the NHRC is exceptionally not able to inspect certain materials or facilities because they concern state secrets liable to have a substantial effect on state security or diplomatic relations, or where the inspection would present a serious obstacle to a criminal investigation or pending trial (see footnote 166), and where this prevents the NHRC from carrying out the investigation necessary to assess the merits of the petition received, it will inform the individual of the reasons why the complaint was rejected, in accordance with Article 39 NHRC Act.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/254 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Poblacht na Cóiré sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith faoin Acht um Chosaint Faisnéise Pearsanta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 9316) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2356947

    De bharr na tréimhse próiseála giorra sin agus in éagmais malartú córasach faisnéise le tír thionscnaimh an iarratasóra, thug Vanuatú saoránacht do dhaoine a bhí faoi réir imscrúdú coiriúil, lena n-áirítear daoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol.

    Due to this short processing period and to the absence of systematic exchange of information with the applicants’ country of origin, Vanuatu had granted the citizenship to persons subject to a criminal investigation, including persons listed on Interpol’s databases.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach

  7. #2375490

    Leanúint den athchóiriú ar Oifig an Ionchúisitheora agus ar na seirbhísí um imscrúdú coiriúil ag an Aireacht Gnóthaí Baile agus ar ghníomhaireachtaí eile, athchóiriú a bhfuil sé d’aidhm aige neamhspleáchas agus gairmiúlacht na hoibre ionchúisimh agus imscrúduithe coiriúla a áirithiú a thuilleadh, saor ó aon tionchar míchuí agus le níos mó trédhearcachta agus cuntasachta;

    Continue the reform of the Prosecutor’s Office and the criminal investigation services at the Ministry of Internal Affairs and other agencies aiming at further ensuring independence and professionalism of prosecutorial and criminal investigative work, free from any undue influence and greater transparency and accountability;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  8. #2422508

    aon sonraí eile a bhaineann leis an gcomhar idir BCE agus na húdaráis náisiúnta um imscrúdú coiriúil, OIPE agus comhlachtaí AE a fheidhmíonn feidhm mhaoirseachta, formhaoirseachta nó iniúchóireachta a bhfuil BCE faoina réir.

    any other data relating to the cooperation between the ECB and national criminal investigation authorities, the EPPO and EU bodies exercising a supervisory, oversight or auditing function to which the ECB is subject.

    Cinneadh (AE) 2022/2359 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Samhain 2022 lena nglactar rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta na n-ábhar sonraí i ndáil le feidhmiú inmheánach an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2022/42)

  9. #2427793

    Faoin mbeart feabhais, ní mór don nós imeachta nua foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar chinneadh na seirbhíse ionchúisimh nó an údaráis imscrúdaithe tuarascáil choire a dhíbhe nó deireadh a chur leis na himeachtaí coiriúla (i.e. imscrúdú coiriúil a dhúnadh gan díotáil) maidir le héilliú agus cleachtais a bhaineann le héilliú.

    Under the remedial measure, the new procedure must provide for the judicial review of the decision of the prosecution service or the investigating authority to dismiss a crime report or terminate the criminal proceedings (i.e. to close a criminal investigation without an indictment) regarding corruption and corruption-related practices.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir

  10. #2465261

    Sa dara staid, is éard atá sna sonraí pearsanta a fuarthas sonraí imscrúdaitheacha ina bhfuil sonraí nach mbaineann le haon cheann de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II ach ar sholáthair Ballstát, OIPE, Eurojust nó tríú tír iad de bhun iarraidh ar thacaíocht Europol le haghaidh imscrúdú coiriúil sonrach, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát sin, OIPE, Eurojust nó an tríú tír sin údaraithe chun sonraí imscrúdaitheacha den sórt sin a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

    In the second situation, the personal data received consist of investigative data that contain data that do not relate to any of the categories of data subjects listed in Annex II but have been provided, pursuant to a request for Europol’s support for a specific criminal investigation, by a Member State, the EPPO, Eurojust or a third country, provided that that Member State, the EPPO, Eurojust or that third country is authorised to process such investigative data in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under Union and national law.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  11. #2465263

    Sa tríú staid, d’fhéadfadh nach mbaineann na sonraí pearsanta a fuarthas leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nár soláthraíodh iad de bhun iarraidh ar thacaíocht Europol le haghaidh imscrúdú coiriúil sonrach.

    In the third situation, the personal data received might not relate to the categories of data subjects listed in Annex II and have not been provided pursuant to a request for Europol’s support for a specific criminal investigation.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  12. #2465283

    I gcás inar gá sin chun tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill i mBallstát, ba cheart Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar na sonraí imscrúdaitheacha a n-údaraítear do na húdaráis náisiúnta iad a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta agus a chuirtear faoi bhráid Europol ina dhiaidh sin.

    Where necessary to support an ongoing specific criminal investigation in a Member State effectively, Europol should be able to process investigative data that the competent authorities of the Member States are authorised to process in that specific criminal investigation in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under their national law and subsequently submitted to Europol.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  13. #2465284

    Chun a áirithiú go bhfuil aon phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil ar shonraí riachtanach agus comhréireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais agus dlí náisiúnta nuair a chuireann siad sonraí imscrúdaitheacha faoi bhráid Europol.

    To ensure that any data processing performed in the context of a criminal investigation is necessary and proportionate, Member States should ensure compliance with Union and national law when they submit investigative data to Europol.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  14. #2465285

    Agus sonraí imscrúdaitheacha á gcur faoi bhráid Europol chun tacaíocht Europol a iarraidh i gcomhair imscrúdú coiriúil sonrach, ba cheart do na Ballstáit scála agus castacht na próiseála sonraí lena mbaineann agus cineál agus tábhacht an imscrúdaithe a mheas.

    When submitting investigative data to Europol to request Europol’s support for a specific criminal investigation, Member States should consider the scale and complexity of the data processing involved and the type and importance of the investigation.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  15. #2465286

    Ba cheart do na Ballstáit Europol a chur ar an eolas, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoina ndlí náisiúnta, nuair nach bhfuil siad údaraithe a thuilleadh sonraí a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach i dtrácht, ar imscrúdú é a leanann go fóill.

    Member States should inform Europol when, in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under their national law, they are no longer authorised to process data in the ongoing specific criminal investigation in question.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  16. #2465291

    I gcás ina ndéanann tríú tír sonraí imscrúdaitheacha a sholáthar do Europol, ba cheart do Europol a dheimhniú nach follasach go bhfuil líon na sonraí pearsanta díréireach ó thaobh imscrúdú coiriúil sonrach lena dtacaíonn Europol sa Bhallstát lena mbaineann i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus, a mhéid is féidir, nach bhfuil aon chomharthaí oibiachtúla ann gur bailíodh sonraí imscrúdaitheacha sa tríú tír de shárú follasach ar chearta bunúsacha.

    Where a third country provides investigative data to Europol, Europol should verify that the amount of personal data is not manifestly disproportionate in relation to the specific criminal investigation that Europol supports in the Member State concerned, and, as far as possible, that there are no objective indications that investigative data have been collected in the third country in obvious violation of fundamental rights.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  17. #2465294

    Chun a áirithiú gur féidir le Ballstát tuarascálacha Europol a úsáid i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí imscrúdaitheacha lena mbaineann a stóráil arna iarraidh sin don Bhallstát sin, ag OIPE nó ag Eurojust chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú.

    To ensure that a Member State can use Europol’s analytical reports in the context of judicial proceedings following a criminal investigation, Europol should be able to store the related investigative data upon request by that Member State, the EPPO or Eurojust, for the purpose of ensuring the veracity, reliability and traceability of the criminal intelligence process.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  18. #2465295

    Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát.

    Europol should keep such data functionally separate from other data and only for as long as the judicial proceedings related to that criminal investigation are ongoing in the Member State.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  19. #2465436

    ciallaíonn ‘sonraí imscrúdaitheacha’ sonraí a bhfuil Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, Eurojust nó tríú tír údaraithe a phróiseáil in imscrúdú coiriúil atá ar siúl a bhaineann le Ballstát amháin nó níos mó, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, a chuir Ballstát, OIPE, Eurojust nó tríú tír faoi bhráid Europol chun tacú le himscrúdú coiriúil den sórt sin a leanann go fóill agus ina bhfuil sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    “investigative data” means data that a Member State, the European Public Prosecutor’s Office (“the EPPO”) established by Council Regulation (EU) 2017/1939, Eurojust or a third country is authorised to process in an ongoing criminal investigation related to one or more Member States, in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under Union or national law, that a Member State, the EPPO, Eurojust or a third country submitted to Europol in support of such an ongoing criminal investigation and that contain personal data that do not relate to the categories of data subjects listed in Annex II;

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  20. #2465547

    Nuair nach bhfuil an Ballstát dá dtagraitear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), údaraithe a thuilleadh na sonraí a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na ceanglais agus coimircí nós imeachta faoina dhlí náisiúnta is infheidhme, cuirfidh sé Europol ar an eolas faoi.

    Where the Member State referred to in paragraph 1, first subparagraph, point (a), is no longer authorised to process the data in the ongoing specific criminal investigation referred to in paragraph 1 in accordance with procedural requirements and safeguards under its applicable national law, it shall inform Europol.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  21. #2465548

    I gcás ina sholáthróidh OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol, agus i gcás nach bhfuil siad údaraithe a thuilleadh na sonraí sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoi.

    Where the EPPO or Eurojust provides investigative data to Europol and it is no longer authorised to process the data in the ongoing specific criminal investigation referred to in paragraph 1 in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under Union and national law, it shall inform Europol.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  22. #2465549

    Chomh fada agus a thacaíonn Europol leis an imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill dár soláthraíodh na sonraí imscrúdaitheacha i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo, is féidir le Europol, chun tacú leis an imscrúdú sin agus chun na críche sin amháin, sonraí imscrúdaitheacha a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

    Europol may process investigative data in accordance with Article 18(2) for as long as it supports the ongoing specific criminal investigation for which the investigative data were provided in accordance with paragraph 1, first subparagraph, point (a), of this Article, and only for the purpose of supporting that investigation.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  23. #2465550

    Féadfaidh Europol na sonraí imscrúdaitheacha dár soláthraíodh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus torthaí a chuid próiseála arna déanamh ar na sonraí sin a stóráil tar éis na tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 3, arna iarraidh sin do sholáthraí na sonraí imscrúdaitheacha sin, chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach chomh fada agus a bheidh na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sonrach sin dár soláthraíodh na sonraí ar siúl.

    Europol may store the investigative data provided in accordance with paragraph 1, first subparagraph, point (a), and the outcome of its processing of those data beyond the processing period set out in paragraph 3, upon request of the provider of those investigative data, for the purpose of ensuring the veracity, reliability and traceability of the criminal intelligence process, and only for as long as the judicial proceedings concerning the specific criminal investigation for which those data were provided are ongoing.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  24. #2465554

    Beidh feidhm freisin ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo i gcás ina soláthraíonn tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b), nó (c), nó in Airteagal 25(4a), sonraí pearsanta do Europol agus ina soláthraíonn an tríú tír sin sonraí imscrúdaitheacha do Europol le haghaidh anailís oibríochtúil lena rannchuidítear le himscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó lena dtacaíonn Europol, ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais agus na coimircí nós imeachta is infheidhme faoina dlí náisiúnta coiriúil.

    Paragraphs 1 to 4 of this Article shall also apply where personal data are provided to Europol by a third country as referred to in Article 25(1), point (a), (b) or (c), or in Article 25(4a), and that third country provides investigative data to Europol for operational analysis that contributes to the specific criminal investigation in one or more Member States that Europol supports, provided that the third country obtained the data in the context of a criminal investigation in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under its national criminal law.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  25. #2465903

    faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil chun tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill i gcomhréir le hAirteagal 18a, maille le faisnéis faoi fhad agus torthaí na próiseála, lena n-áirítear samplaí de na cásanna sin a léiríonn cén fáth a raibh an phróiseáil sonraí sin riachtanach agus comhréireach;

    annual information about the number of cases where it was necessary for Europol to process personal data that do not relate to the categories of data subjects listed in Annex II in order to support Member States in an ongoing specific criminal investigation in accordance with Article 18a, alongside information on the duration and outcomes of the processing, including examples of such cases demonstrating why that data processing was necessary and proportionate;

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  26. #2465944

    cuireann an Ballstát lena mbaineann, OIPE nó Eurojust ar an eolas, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil sé údaraithe na sonraí pearsanta sin a phróiseáil, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, san imscrúdú coiriúil a leanann go fóill ar iarr sé tacaíocht Europol ina leith nuair a sholáthair sé na sonraí ar dtús;

    the Member State concerned, the EPPO or Eurojust informs Europol by 29 September 2022, that it is authorised to process those personal data, in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under Union or national law, in the ongoing criminal investigation for which it requested Europol’s support when it initially provided the data;

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  27. #2465946

    measann Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(1), pointe (b), nach féidir tacú leis an imscrúdú coiriúil a leanann go fóill dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar Airteagal 18(5) leo a phróiseáil.

    Europol assesses, in accordance with Article 18a(1), point (b), that it is not possible to support the ongoing criminal investigation referred to in point (a) of this paragraph without processing personal data that do not comply with Article 18(5).

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  28. #2465947

    Déanfar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach gaolmhar.

    The assessment referred to in point (c) of this paragraph is recorded and sent to the EDPS for information when Europol ceases to support the related specific criminal investigation.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  29. #2465952

    cuireann an tríú tír in iúl do Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil údarás aici na sonraí pearsanta sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil ar mar chuid de a fuair sí na sonraí;

    the third country informs Europol, by 29 September 2022, that it is authorised to process those personal data in the criminal investigation in the context of which it obtained the data;

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  30. #2465954

    fíoraíonn Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(6), nach bhfuil an méid sonraí pearsanta díréireach go follasach i ndáil leis an imscrúdú coiriúil sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo i mBallstát amháin nó níos mó a dtacaíonn Europol leis.

    Europol verifies, in accordance with Article 18a(6), that the amount of personal data is not manifestly disproportionate in relation to the specific criminal investigation referred to in point (a) of this paragraph in one or more Member States that Europol supports.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  31. #2465957

    Coimeádfaidh Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní phróiseálfaidh sé na sonraí sin ach amháin chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú, agus ní dhéanfaidh sé iad a phróiseáil ach fad a bheidh na himeachtaí breithiúnacha ar siúl a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil ar soláthraíodh na sonraí sin ina leith.

    Europol shall keep personal data that do not relate to the categories of data subjects listed in Annex II functionally separate from other data and shall only process such data for the purpose of ensuring the veracity, reliability and traceability of the criminal intelligence process, and only for as long as the judicial proceedings concerning the criminal investigation for which those data were provided are ongoing.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  32. #2466002

    Ba cheart a áireamh leis sin sonraí pearsanta i gcásanna nach raibh Ballstát in ann a fhionnadh an mbaineann na sonraí sin leis na catagóirí d‘ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. I gcás ina dtugann Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol agus tacaíocht Europol á hiarraidh acu d’imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil sonrach sin, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

    That should include personal data in cases where a Member State has not been able to ascertain whether those data relate to the categories of data subjects listed in Annex II. Where a Member State, the EPPO or Eurojust provides Europol with investigative data and requests Europol’s support for an ongoing specific criminal investigation, Europol should be able to process those data for as long as it supports that specific criminal investigation, in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under Union or national law.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  33. #2628323

    ag tabhairt dá haire gur iarr ionchúisitheoirí ó ar fud an Aontais agus níos faide cúnamh ar an nGníomhaireacht in 2020 maidir le 8799 n-imscrúdú coiriúil trasteorann, méadú 13 % i gcomparáid le 2019, agus gurbh cásanna nua 4200 cás a osclaíodh le linn 2020 agus gur bhain 164 díobh sin le paindéim COVID-19; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur chuir Eurojust tacaíocht dhlíthiúil, airgeadais nó oibríochtúil ar fáil do 268 gcomhfhoireann imscrúdaithe in 2020 agus gur éascaigh sé forghníomhú 1284 Bharántas Gabhála Eorpach;

    Notes that in 2020 prosecutors from across the Union and beyond turned to the Agency for assistance in 8799 cross-border criminal investigations, an increase of 13 % compared to 2019, and that 4200 were new cases opened during 2020, 164 of which were related to the COVID-19 pandemic; welcomes the fact that the Agency provided legal, financial and operational support to 268 joint investigation teams in 2020 and facilitated the execution of 1284 European Arrest Warrants;

    Rún (AE) 2022/1798 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020

  34. #2832611

    Go háirithe, dá gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó an chórais airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl i mbaol nó dá ndéanfaí damáiste díréireach don ghnóthas lena mbaineann, ba cheart mionsonraí smachtbhanna a fhoilsiú ar bhonn anaithnid nó a chur siar i gcás inar dócha go dtiocfaidh deireadh leis na himthosca sin laistigh de thréimhse réasúnach ama.

    In particular, if publication would jeopardise the stability of the financial markets or the financial system or an ongoing criminal investigation or cause disproportionate damage to the undertaking concerned, the publication of details of a sanction should either beanonymised or postponed where such circumstances are likely to cease within a reasonable period of time.

    Rialachán (AE) 2023/1092 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1994/4) (BCE/2023/13)

  35. #2870755

    Mar sin féin, chun críche imscrúdú coiriúil ar leith, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis forfheidhmithe dlí seoladh IP a iarraidh chomh maith le huimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, sular féidir sonraí suibscríobhaí a bhaineann leis an aitheantóir sin a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse.

    However, for the purpose of a specific criminal investigation, law enforcement authorities might have to request an IP address as well as access numbers and related information for the sole purpose of identifying the user before subscriber data related to that identifier can be requested from the service provider.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  36. #2870757

    I gcás nach n-iarrtar seoltaí IP, uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil ar leith, agus chun na críche sin amháin, iarrtar orthu go ginearálta faisnéis níos fearr a fháil a chuireann isteach ar phríobháideachas, amhail teagmhálacha agus cá bhfuil an t-úsáideoir.

    Where IP addresses, access numbers and related information are not requested for the sole purpose of identifying the user in a specific criminal investigation, they are generally requested to obtain more privacy-intrusive information, such as the contacts and whereabouts of the user.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  37. #2870759

    Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, go gcaithfear le seoltaí IP, uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar nach n-iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil sonrach agus chun na críche sin amháin, go gcaithfear leo mar shonraí tráchta agus go n-iarrfar iad faoi gcóras céanna le sonraí inneachair, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo.

    It is therefore essential that, in such situations, IP addresses, access numbers and related information not requested for the sole purpose of identifying the user in a specific criminal investigation, be treated as traffic data and requested under the same regime as content data, as defined in this Regulation.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  38. #2871006

    ciallaíonn ‘sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin’ seoltaí IP agus, i gcás inar gá, na bunphoirt ábhartha agus an stampa ama ábhartha, eadhon an dáta agus an t-am, nó coibhéisí teicniúla na n-aitheantóirí sin agus faisnéis ghaolmhar arna iarraidh sin ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag údaráis bhreithiúnacha chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil sonrach, agus chun na críche sin amháin;

    ‘data requested for the sole purpose of identifying the user’ means IP addresses and, where necessary, the relevant source ports and time stamp, namely the date and time, or technical equivalents of those identifiers and related information, where requested by law enforcement authorities or by judicial authorities for the sole purpose of identifying the user in a specific criminal investigation;

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  39. #2906852

    Áiríodh leis na gealltanais shonracha sin, go háirithe, nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntasacht an Ard-Ionchúisitheora i gcomhréir le moltaí ó Choimisiún na Veinéise, mar aon le gealltanas an Achta Córais Bhreithiúnaigh a leasú chun aisghairm a dhéanamh ar na forálacha lena gceanglaítear giúistísí a chur ar fionraí go huathoibríoch i gcás imscrúdú coiriúil ina gcoinne, chomh maith leis na forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar ghiúistísí a mballraíocht i gcomhlachas gairmiúil a thuairisciú.

    Those specific commitments notably included the putting in place of procedures concerning the accountability of a Prosecutor General in line with recommendations by the Venice Commission, along with the commitment to amend the Judicial System Act in order to repeal the provisions requiring the automatic suspension of magistrates in the event of a criminal investigation against them, as well as the provisions obliging magistrates to report their membership of professional associations.

    Cinneadh (AE) 2023/1785 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/929/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe

  40. #3375313

    Tá sé ríthábhachtach maoin a rianú agus a shainaithint go luath in imscrúdú coiriúil chun a áirithiú go sainaithneofaí go pras ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a d’fhéadfaí a choigistiú ina dhiaidh sin, lena n-áirítear maoin a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla atá suite i ndlínsí eile, agus a éascódh ar an tslí sin an comhar trasteorann.

    The tracing and identification of property at an early stage of a criminal investigation is of essence to ensure the prompt identification of instrumentalities, proceeds or property which might be subsequently confiscated, including property related to criminal activities located in other jurisdictions, thereby facilitating cross-border cooperation.

    Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní

  41. #3375351

    D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an ngníomhaíocht sin go háirithe i gcás ina ndearna oifig um aisghabháil sócmhainní, arna iarraidh sin dó ag oifig um aisghabháil sócmhainní i mBallstát eile, sócmhainní a d’fhéadfadh imeacht go han-tapa gan tásc ná tuairisc a rianú agus a shainaithint, mar shampla, criptea-shócmhainní, agus i gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla sna Bhallstát ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe in ann gníomhú láithreach in éagmais imscrúdú coiriúil sa Bhallstát sin.

    Such action might in particular be necessary where an asset recovery office has, following a request from an asset recovery office in another Member State, traced and identified assets that might disappear very quickly, such as crypto assets, and where the competent authorities of the Member State in which the asset recovery office receiving the request is located are not able to take immediate action in the absence of a criminal investigation in that Member State.

    Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní

  42. #3375713

    Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceart d’údaráis inniúla cur in iúl na n-orduithe reo don duine dá ndéantar difear a chur siar chomh fada agus is gá chun nach gcuirfear imscrúdú coiriúil i mbaol.

    Member States may provide for a right for competent authorities to postpone communication of the freezing orders to the affected person for as long as is necessary to avoid jeopardising a criminal investigation.

    Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní

  43. #3469972

    logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad.

    the localisation or identification of a person suspected of having committed a criminal offence, for the purpose of conducting a criminal investigation or prosecution or executing a criminal penalty for offences referred to in Annex II and punishable in the Member State concerned by a custodial sentence or a detention order for a maximum period of at least four years.

    Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  44. #2465290

    Ba cheart Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó i gcás ina soláthraíonn tríú tír na sonraí sin, ar choinníoll gur ábhar í an tríú tír do chinneadh leordhóthanachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“cinneadh leordhóthanachta”); go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír tugtha chun críche ag an Aontas de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a n-áirítear ann aistriú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (“comhaontú idirnáisiúnta”); nó go bhfuil comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a tugtha chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794 (“comhaontú comhair”); nó go bhfuil foráil déanta do choimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta in ionstraim atá ceangailteach nó go gcinneann Europol, bunaithe ar mheasúnú ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, gurb ann do na coimircí sin sa tríú tír sin agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil.

    Europol should also be able to process personal data that are necessary for its support to a specific criminal investigation in one or more Member States where those data are provided by a third country, provided that: the third country is the subject of an adequacy decision in accordance with Directive (EU) 2016/680 of the European Parliament and of the Council (‘adequacy decision’); an international agreement with that third country has been concluded by the Union pursuant to Article 218 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) that includes the transfer of personal data for law enforcement purposes (‘international agreement’); a cooperation agreement allowing for the exchange of personal data has been concluded between Europol and the third country prior to the entry into force of Regulation (EU) 2016/794 (‘cooperation agreement’); or appropriate safeguards with regard to the protection of personal data are provided for in a legally binding instrument or Europol concludes, based on an assessment of all the circumstances surrounding the transfer of personal data, that those safeguards exist in that third country and provided that the third country obtained the data in the context of a criminal investigation in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under its national criminal law.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

  45. #2627849

    ag tabhairt dá haire, agus is oth léi é, gur fhulaing an Ghníomhaireacht cibirionsaí i mí na Nollag 2020; ag tabhairt dá haire gur thug na húdaráis forghníomhaithe dlí faoi imscrúdú coiriúil iomlán, i gcomhar le CERT-EU agus Europol, chomh maith le soláthróir seirbhíse tríú páirtí seachtrach a bhfuil saineolas sonrach aige maidir le freagairtí ar theagmhais slándála TF; ag tabhairt dá haire gur cuireadh feabhas ar chumais chibearshlándála chosantacha na Gníomhaireachta ó shin, agus go ndearnadh tuilleadh infheistíochta chun an Ghníomhaireacht a chosaint ar ionsaithe amach anseo; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na rioscaí clú a chur san áireamh mar aon leis na héifeachtaí díchobhsaitheacha ar thuairimí an phobail nuair a bhaintear mí-úsáid as faisnéis a fhaightear mar thoradh ar ionsaí den sórt sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a neartú agus tuairisciú ar ais don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin;

    Notes with regret that the Agency was the victim of a cyberattack in December 2020; notes that a full criminal investigation was undertaken by law enforcement authorities, in cooperation with CERT-EU and Europol, as well as an external third-party service provider with specific expertise in IT security-incident response; notes that the Agency’s defensive cybersecurity capabilities have been enhanced since then, with further investment to protect the Agency from future attacks; welcomes the efforts made by the Agency and calls on the Agency to also take account of the reputational risks and the destabilising effects on public opinion when information obtained through such an attack is abused; calls on the Agency to further strengthen its cybersecurity policy and report back in that regard to the discharge authority;

    Rún (AE) 2022/1765 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2020