gíog ná míog (as)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan chorraí, gan fothram nó ghleo.
Samplaí corpais
Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.
Nuair thuit an tsail sa loch do stealladh an t-uisge sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na froganaibh gur shádhadar iad féin d'aon tsádh amháin síos ins a' draoíbh a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs asta go ceann abhfad.
Chonaic sé nár chuireas-sa giócs 'ná míocs asam nuair a rugadh ar chrománaibh orm. Dar leis ní raibh blúire eagla orm.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Crostagairtí
Samplaí breise
Níl gíog ná míog as, there is not a peep out of him
Gíocs na míocs, a mere sound phrase to signify that they did not utter the slightest sound. It is a very common phrase.