aon duine beo
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Aon duine in aon chor.
Samplaí corpais
Dá mbeadh mór-shluagh na Gaedhal ann agus Ó Domhnaill féin ní raghadh aon fhear acu beó isteach sa mhainistir.
Éist liom, a Shanchó," ar seisean, "go n-innsead mo sgéal duit; ach ní foláir dom ar dtúis an leabhar a chur ort ná tráchtfir choidhche amach as so bheal le h-aon duine beó ar an rud atá agam le h-innsint duit, go dtí tar éis mo bháis." "Tá go maith, a mháighstir," arsa Sanchó, "dar an leabhar so ní thráchtfad!"
Tháinís annso ar dtúis, a Mharbháin, chun díoghaltais a dhéanamh orainne. Nuair iarrais sgéal na Tána orainn bhí 'fhios agat go maith ná raibh an sgéal le fághail ó aon duine beó. Bhainis ár ndán dínn agus chomáinis ar fán sinn tré dhúthaighibh iasachta - ar lorg sgéil ná raibh le fághail ins na dúthaighibh iasachta san.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (duine) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: bean, Críostaí, fear.
Crostagairtí
Samplaí breise
Ná h-innis d'aoinne beó é. = Ná h-innis do duine ar bith é.
3. (Of persons) (d) Aon duine beo, any man alive.