Gaois

ceo a thógáil dá chroí

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

ceo, croí, tóg

Cur síos

Croí, meanma an duine a ardú.

Samplaí corpais

  • Bhí nídh agam tamall ó shoin a thógadh an ceó dem' chroidhe, agus is le crónán a dheineadh sé é. Thagadh an ceó ar mo chroidhe go minic agus go trom. Annsan do déintí an crónán dom, agus do thógadh an crónán san an ceó dem' chroidhe.

  • Sa n-am 'n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 27

  • Ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuídhin eile, 'ná oiread agus aon duine amháin ag teacht sa tslígh ar dhuine eile. Thógfadh sé an ceó de d' chroídhe bheith ag féuchaint ortha ag gluaiseacht chómh breágh, chómh daingean, chómh stuama.

Úsáid

Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: dearcadh.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.