Gaois

leathphingin rua

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

leath, pingin, rua

Cur síos

An tsuim airgid is lú.

Samplaí corpais

  • Neósfidh sé an t-éitheach duit agus ní bhéidh náire air nuair gheabhfar amach é. Brisfidh sé a fhocal leat ar leathphinne ruadh.

  • "An bhfuil aon airgead sa tigh?" arsa Séadna leis an mnaoi fhriotháilte. "Oiread a's leathphingin ruadh!" ar sise.

Úsáid

Cuireann 'rua' béim bhreise ar an nath.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.