uisce faoi thalamh
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Duine a bhíonn i mbun comhcheilge; caimiléireacht.
Samplaí corpais
Isé rud a tháinig as an gcaint sin d'Fheargus fhearg ná gur buaileadh isteach i n'aigne gur inis Iubhdán an fhírinne dhó agus ná raibh aon uisge-fé-thalamh aige féin ná ag Eisirt 'á dhéanamh, agus ná raibh aon ghnó acu go Cúig ' Uladh ach an gnó a dúbhradar.
Tá sé ar buile le héad ó shin agus tá uisge fé thalamh déanta aige chun Cú Chulainn do chur chun báis! Bhíos im' sheasamh ó chiainibh ar árdán agus me ag faire ar an gcomhrac.
Má deir sé nách ceart cáin do dhíol le Caesar béarfar air agus crochfar é. Pé ' cu adéarfaidh sé gur ceart nó nách ceart beimíd réidh leis Feuch air sin mar chamastuíol agus mar dhúbláil agus mar uisge-fé-thalamh!
Samplaí breise
Uisge fé thalamh. Conspiracy. Underhand dealing
Uisge-fé-thalamh, secret plotting; a conspiracy. Ceilg, feall, and meabhal are used in a similar sense.
3. Body of water. Figuratively: intrigue. Uisce faoi thalamh a dhéanamh i gcoinne duine, to intrigue against someone.
2. It looks, sounds, fishy, tá uisce faoi thalamh éigin ann; tá boladh an mhadra rua uaidh.
41. Uisce faoi thalamh. Obair mhillte a dhéanamh gan fhios gan aireachtáil d'éinne - faoi mar a dhéanann uisce na habhann faoi phort na habhann, ag baint de i gcónaí go dtiteann se isteacht san abhainn.
Droch-obair i ngan fhios do mhórán daoine