Gaois

ní fiú biorán (gan tóin) é

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

biorán, fiú

Cur síos

Gan mórán luacha.

Samplaí corpais

  • D'fheuch sé go géar orm. Cuirfir díot an méid sin, a mhic ó, ar seisean. Ní fiú biorán gan tón an méid sin. Tá galar ort, ámhthach, is measa dhuit chugat go mór 'ná é. Tá dath mí-lítheach ar t'aghaidh, dath an bháis.

  • Níor b'fhiú biorán an fhearg a bhí ar an ridire ag tosnughadh an chatha dhó seachas an bhuile feirge a tháinig air nuair a chonnaic se an fhuil, a chuid fola féin, agus í síos go cromán agus go h-iallait leis.

  • "Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan riachtanas! Feuch air sin!" "Ní fiú biorán a's é," arsa 'n sagart. "Do thiocfainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúbhal."

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.