Gaois

aghaidh bhéil a thabhairt (ar)

Fíornath

Ceannfhocail

aghaidh, béal, tabhair

Cur síos

Íde béil; aghaidh a chraois a thabhairt ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Chuir an t-amadán béic eile as ba threise agus dob' aoirde 'ná an chéad bhéic. D'iompuigh an sagart agus do labhair sé. Thug sé aghaidh bhéil ar an bpobul go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé leó an peacadh a bhí acu 'á dhéanamh le gan iad féin d'iompar istigh i dtigh Dé agus an t-Aifreann ar siubhal.

  • D'á éaghmais sin tá sé nímhneach, teasaidhe, droch mhiotalach, tartmhar, ocrach, neamhfhoidhneach, agus mura bhfriotháltar chun a thoile é, agus i n-am, sa teaghlach 'na dtéidhean sé, tugan sé aghaidh bhéil ar mhuintir an teaghlaigh sin agus ní fearrde iad é an chuid eile d'á saoghal.

  • Bíodh gur chuir Bharus na stiúrthóirí chun báis agus gur thug sé an aghaidh bhéil chruaidh úd ar Iúdaígh na catharach níor chuir san aon tsuaineas ró mhór ar an dtír ná ar an gcathair.

Crostagairtí

Samplaí breise