Gaois

ar a bhéal agus ar a aghaidh

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

aghaidh, béal

Cur síos

Tite éadan le talamh, béal faoi.

Samplaí corpais

  • Do chaith sé é féin sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh tirim na h-Éirean an lá san fear eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis.

  • Ar maidin amáireach a bhí chughainn d'eirighdar agus thánadar chun an teampuil. Fuaradar Dágon ar lár, ar a bheul a's ar a aghaidh, os comhair na h-airce. Chuireadar suas airís é i n' inead féin.

  • Chómh luath agus d'airigh an triúr Aspol an guth tháinig sgannradh ortha agus thuiteadar ar an dtalamh ar a mbéal a's ar a n-aghaidh. Ansan tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha agus chuir sé misneach ortha, agus nuair fheuchadar suas bhí sé i n'aonar.

Samplaí breise