Gaois

tine chreasa ag teacht as a shúile

Leathnath

Ceannfhocail

creasa, súil, tine, tar

Cur síos

Ar buile; faghairt i súile duine.

Samplaí corpais

  • Nuair a bhíodh Eisirt 'ghá innsint sa dán conus mar a déintí na cathana móra do throid, do léimeadh sé 'n-a sheasamh agus shiúbhladh sé anonn 's anall ar an mbórd, agus faobhar ar a ghuth agus teine chreasa ag teacht as a shúilibh fé mar a bhéadh sé i lár catha éigin agus namhaid cheódha aige d'á leagadh i n-aghaidh gach focail d'á labhradh sé.

  • An dá ghaisgidheach ar aghaidh a chéile, agus an dá chlaidheamh anáirde acu; agus an teine chreasa ag teacht a' súilibh gach fir acu, agus stiúir nimhneach ar gach fear díobh chun an anama do bhaint as an bhfear eile leis an aon bhuille amháin sin!

Míniú breise

  • Faighirt.
  • Bhí lasair ina shúile le fearg.
  • Splanc dhearg thine, ar dearg bhuille.