Gaois

ar deargbhuile

Leathnath

Ceannfhocail

buile, dearg

Cur síos

Bheith ar mire; an-fhearg a bheith ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Agus go deimhin ní foláir duit féin a dh'admháil, má thuigean tú i n-aon chor cad é an saghas tu, gur ar dearg bhuile a bhíd siad agus bheith ag rith i ndiaidh do leithéid le grádh dhuit!

  • "Isé m' Athair é agus táim-se ag obair coitchianta mar aon lem' Athair." Chuir an méid sin ar dearg bhuile iad. Ba ró mhian leó é mharbhú.

  • Bhí an fuath marbhuightheach acu dhó féin agus d'á theaghlach go léir. Níor stadadar ach ag gríosadh na ndaoine 'n-a choinnibh. Fé dheire bhí an gríosadh déanta chómh maith san acu go raibh an pobul go léir ar dearg bhuile chuige!

Úsáid

Cuireann 'dearg' béim bhreise ar an nath.

Crostagairtí

Samplaí breise