Gaois

ní stadann cos (de)

Leathnath

Ceannfhocail

cos, stad

Cur síos

Siúl gan staonadh.

Samplaí corpais

  • "Is dócha," ar seisean, "nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin de'n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an baile mór."

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Míniú breise

  • Stop ná staonadh níor dhin sí.
  • Níor dhein sí stad ná staonadh.
  • Níor stad sí. Chomáin sí léi gan stad.
  • Lean sí gan stop.
  • Níor stop sí de shiúl a cos.