Gaois

dath an bháis

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

bás, dath

Cur síos

Aghaidh bhán mhílítheach.

Samplaí corpais

  • "Is leamh an gnó dom' mháthair teacht anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud' Léith! Fan go dtéighead-sa abhaile anocht!" Le n-a linn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé 'na coinne.

  • Níor labhair an sgéaluidhe. Do las sé suas go bun na gcluas. Annsan do bhánuigh air, go dtí go raibh dath an bháis air. Annsan do las sé suas arís. Bí sé ag lasadh agus ag bánadh mar sin ar feadh tamaill.

  • Taidhg: Gan amhras, a Dhonchadh, ba ghrána an radharc Conchúbhar Dubh nuair a bhí sé sínte sa díg agus é clúdaithe le draoib agus le pluda agus dath an bháis air, agus an gadhar, nár thug Dia dhó ach ciall gadhair, 'n-a shuidhe ar an gclaidhe ag faire an duine, chómh maith agus chómh dílis agus thug a chiall gadhair dó an faire dhéanamh.

Crostagairtí

Samplaí breise