Gaois

ag dul sa mhuileann (ar)

Fíornath

Ceannfhocail

muileann, téigh

Cur síos

Rud a bhíonn ag éirí casta nó doiléir.

Samplaí corpais

  • "Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal 'na dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm." Agus do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha.

  • Bhí Aodh Fionn ag machtnamh agus ag machtnamh féachaint conus fhéadfadh sé teacht ar an sgéith, agus is amhlaidh a bhíodh gach machtnamh ag dul sa mhuileann air go dtí gur thárla nídh áirighthe dhó.

  • D'á mhéid machtnamh a dhein Méibh ar an sgéal, agus ní fhéadadh sí é chur as a h-aigne, iseadh ea ba mhó a chuaidh sé sa mhuileann uirthi.

Samplaí breise