Gaois

an dubh a chur ina gheal (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

dubh, geal, cuir

Cur síos

An dallach dubh, an dallamullóg a chur ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Ní staonfaidh sí ó aon tsaghas fill chun díoghaltais a dhéanamh, má 's dóich lé go bhféadfaidh sí an feall a cheilt, nó má bheartuighean sí 'na haigne go dtiocfaidh lé an dubh a chur 'na gheal ar dhaoinibh nuair a bheidh an feall déanta agus Cú Chulainn curtha chun báis aici.

  • Bhí an buadh ag an Sasanach sa chaint. Ní fhéadfadh gan a bheith. Bhí ar a chumas an dubh a chur 'n-a gheal ar an Éireanach, i n-Éirinn agus i Sasana agus ós cómhair an domhain go léir.

  • Ansan iseadh bhí cead a dteangan acu. Ansan iseadh bhí caoi acu ar an ndubh a chur 'n-a gheal ar dhaoine. Bhí a rian air. Thugadar agaidh láithreach ar na páipeuraibh.

Crostagairtí

Samplaí breise