Gaois

le fuacht agus le fán

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

fán, fuacht

Cur síos

Imeacht ina bhochtán gan dídean; ag siúl roimhe.

Samplaí corpais

  • Nuair a curtar baintreach amach agus nuair a curtar í féin agus a páistí bochta le fuacht agus le fán, má chuirean sí a toil le toil Dé is gníomh uasal é.

  • Níor airigheadar a leithéid d'obair riamh. Dlígh, agus prísún, agus caitheamh amach, agus tógáilt sealbha, agus imtheacht le fuacht agus le fán iseadh cheapadar a thiocfadh a' díultughadh do'n chíos a dhíol, agus b'shin coróinn fé'n bpúnt tagaithe as dóibh siúd, agus cheithre sgillinge fé'n bpúnt dóibh siúd eile!

  • Is 'mó tigh cluthar compórdach atá sgartáltha ar fuid na h-Éireann acu le fiche bliain, agus is 'mó líntighe chreideamhnach atá curtha acu le fuacht agus le fán, agus iad ar a gcroidhe díthil, ba dhóich le duine, ag lorg an leighis.

Samplaí breise