Gaois

thíos ná thuas

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

thíos, thuas

Cur síos

Aon áit in aon chor.

Samplaí corpais

  • Ach ba mhar a chéile é , mar do theip air aon radharc dh'fhághail air amuich 'ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé dheire d'imthigh an sgéal as a cheann.

  • Ní'l an gustal agat chuige agus is amhlaidh a beifar ag magadh fút. Déarfar gur ag rith i ndiaidh na h-uaisleachta a bheir. Déanfir éagcóir ort féin. Brisfar thu. Sgoiltfidh ort. Ansan ní bheidh truagh thíos ná thuas duit.

  • Tá an tuairisg sin go léir, go mion agus go cruinn, thíos sa tseanchus, ar an gcuma ' nar dhein Aodh Ruadh Ó Domhnaill an obair sin i gcúige Connacht, ag cur uasal i gceannas tíortha agus ag cur a thoile féin i bhfeidhm ar fhlathaibh agus ar dhaoine ins gach aon treó baill, agus ní'l aon fhocal, thíos ná thuas, i dtaobh Bhiongom ná cad a bhí ar siubhal aige i gcaitheamh na haimsire sin.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Samplaí breise