néal codlata
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Suan dá laghad.
Samplaí corpais
Ba chuimhin leis, annsan, gur léigh se i gceann d'á leabhraibh gur ghnáth, go minic, le ridiríbh, nuair a bhíodh oidhche acu 'á thabhairt mar sin i gcoill éigin uaigneach, gan aon néal codlata do thuitim ortha; ach bheith ag cuimhneamh, fan na h-oidhche, ar a spéir-bhean.
Tháinig creathán orm agus tháinig fuairthneamh im' ballaibh beatha agus do stad m' anál orm. Níor fhéadas néal a chodla an oidhche sin.
Do ghoill an sgéal chómh mór san ar Chonchobhar nár fhan aon dúil aige i mbia ná i ndigh agus ná féadadh sé aon neul de'n oidhche do chodladh.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Crostagairtí
Samplaí breise
4. Nap, snooze. Néal codlata, wink of sleep.
2. a. Snatch of sleep, néal codlata.
he didn't sleep a wink all night ní bhfuair sé néal codlata an oíche ar fad