Gaois

ag cur na súl (trí)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

súil, cuir

Cur síos

Ag stánadh go géar ar dhuine nó ar rud.

Samplaí corpais

  • "Do labhrais fíor!" ar siad go léir agus iad ag feuchaint ar Aodh agus ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt de'n tseómra.

  • "Go deimhin," arsa mise, "ba chóir go n-aithneóchadh sibh mé!" agus do gháireas. Níor labhair aoinne ar feadh tamaill eile, ach bhí an bhean mhór ag cur na súl tríom. Fé dheire do labhair sí airís. "B'fhéidir gur anoir a ghabhais chúghainn?" ar sisi. "Is anoir," arsa mise, "agus Peadar ua Loghaire is ainim dom."

  • Chomáin sé leis ag ithe ar a shuaimhneas go dtí go raibh an dá bhulóig agus an slisne bagúin ithte aige. An fhaid a bhí sé ag ithe bhí na bacaigh ag cur na súl tríd, ach níor thug sé blaise dhóibh. Nuair a bhí an dá bhulóig agus an bagún ithte aige, gan oiread agus brúsgar fuíolaigh fhágáil, d'fheuch sé 'na thímpal.

Crostagairtí

Samplaí breise