Gaois

ar cosa in airde

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cos, airde

Cur síos

Ar luas lasrach.

Samplaí corpais

  • Ansan, nuair a bhí an margadh déanta agus é daingean fé bhrígh na mionn, do bhí uain a dhóithin aige chun machtnaimh. Bhí an aimsir ag imtheacht ar cos i n-áirde, agus ní raibh aon fhreagra fághalta aige ar an gceist úd, "Cá raighmíd an uair sin?"

  • Is uathbhásach an chuma 'na bhfuil an sgéal againn, a Thaidhg. Na daoíne ag imtheacht a' h-Éirinn ar cos anáirde chun beatha níos feár a dhéanamh amach dóibh féin thall 'ná mar is dóich leó is féidir dóibh a bheith acu i n-Éirinn.

  • Dheineas, agus geallaim duit gur imthigh sé go tapaidh as an slighe, ar cos anáirde. Ní baoghal gur fhan sé leis an tarna buille.

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.