Críostaí an Luain
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Duine ar bith; duine ná deoraí ann.
Samplaí corpais
Ar aon chuma, chomh luath agus thánadar chun na sráide níor dheineadar ach bualadh ceann ar aghaidh an tsráid amach go breágh réidh agus treasna an droichid, agus níor chuir Críosdaidhe an Luain aon spéic ortha!
Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann. Do chuarduigh sé mór-thímpal an tíghe.
Chómh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach ní'l críosdaighe an Luain ó Chonradh na Gaeluinne ag déanamh aon oibre sa n-áit.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
Ní raibh Críostaí ann, there wasn't a soul there.
Críostaidhe (mhic) an Luain, with neg., nobody