Gaois

rogha an dá dhíogha

Leathnath

Ceannfhocail

dhá, díogha, rogha

Cur síos

An rogha is fearr de dhá dhrochrogha.

Samplaí corpais

  • Deirim-se leis, "Mise mar sin!" Téanaigh, a óga. Déanfaidh gach fear againn cion duine de dhíoghaltas ar ár namhaid. Is díg dúinn beatha agus is díg dúinn bás. Isé an bás rogha as an dá dhíg anois.

  • "Is rógha a' dhá dhíg é!" arsa Mac Conglinne nuair a h-innseadh an sgéal dó. "Ní'l aon daoine eile beó i n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a leithéidh de rogha thabhairt do dhuine.

  • Is cruaidh an rogha a' dhá dhíg é, a Thaidhg. Má tá sé ábalta ar í dh'fhoghluim agus ná leogan an leisge dhó é, ní foláir staigín a thabhairt air.

Úsáid

Cuireann 'dá' béim bhreise ar an nath.

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.