(i gcás) idir dhá chomhairle
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Neamhchinnte.
Samplaí corpais
Bhí sé i gcás 'dir dhá chómhairle cé 'cu ba cheart dó an sgéal go léir a dh'innsint dó nó nár cheart, gan cead ó Mhurchadh nó ó Niamh.
Dá ndeineadh sé an socarú san cad déarfadh an saoghal mór ach gur chaill sé ar Héród, agus ar mhac Héróid, ar maithe le h-ímpireacht ná Rómhánach? Bhí sé i gcás 'dir dhá chómhairle go cruaidh. Níor bh'aon iongna go raibh sé leadránach.
Bhí Ó Ruairc an uair sin idir dhá chomhairle cia'cu raghadh sé i gcardas le Sior Coneus Clifort nú ná raghadh. Níorbh fhéidir d'Ó Domhnaill teacht fé dhéin tíre Í Chonchubhair a ganfhios d'Ó Ruairc.
Samplaí breise
I gcás 'dir dhá chomhairle, in a difficulty between two opinions; "in two minds."
1. Bheith idir dhá chomhairle faoi rud, to be in two minds about something.
To hesitate between two courses, bheith idir dhá chomhairle.
I gcás idir dhá chomhairle: i bpoll an amhrais: idir dháil is pósadh: ní fios do dhuine céard is ceart dó a dhéanamh.