Gaois

púicín a chur (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

púicín, cuir

Cur síos

An fhírinne a cheilt; an dallamullóg a chur ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Bhí seana thaithighe acu ar bheith ag cur i gcoinnibh na fírinne pé uair ná taithneadh an fhírinne leó, ach dheinidís an nídh sin ar chuma ná tuigtí cad a bhíodh ar siúbhal acu. Chuiridís an púicín ar an bpoibilidheacht. Nídh nách iongnadh, bhí radharc ag an Slánuightheóir ar an aigne a bhí laistigh de'n phúicín acu.

  • Ach isé a mheasaim-se, agus déarfad led' bhéal é, 'ná gur cleasaidheacht éigin a dheinean tú sa sgéal, agus gur b' amhlaidh a chuirean tú púicín ar chuma éigin ar shúilibh na ndaoine a bhíon ag feuchaint ort agus ná deinean teine dhíot i n-aon chor, dáiríribh.

  • F. - Is gasta a chuir sí púicín ar dhaoine leis an dtarbh. Ní hé an tarbh ná triúcha céad Cuailnge atá uaithi, bíodh go mbeid siad aici. Cúige Uladh ar fad atá uaithi.

Crostagairtí

Samplaí breise