Gaois

a dhá dhóthain (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

dhá, dóthain

Cur síos

Ualach trom; saothar thar mar ba ghá.

Samplaí corpais

  • "Cad é sin orm!" arsa Sanchó. "Tá mo dhá dhóithin orm. Trí cinn d'asalaibh breághtha óga a bhí le fághail agam, agus siniad imthighthe iad!"

  • Cad tá anois ort? Bacachán an eadh? arsa Micil. Tá mo dhá dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t'ainim féin agus ainim t'athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthairse do tharang isteach i nbhúr ngnó.

  • Tadhg: Achaidhe! Airiú cad é seo anois ort? Donchadh: Tá mo dhá dhóithin orm. Cad é an tairbhthe dhúinn go léir beith ' ghár marbhadh féin ag saothru ' na Gaeluinne agus gur geár, do réir an fhuadair atá fé mhuintir na h-Éirean, ag imtheacht 'na sluaighte thar na fargíbh, ná beidh duine de shliocht Gaedhal i n-Éirinn chun na Gaeluinne do labhairt.

Crostagairtí

Samplaí breise