Gaois

faoi chosa

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cos

Cur síos

Duine nó pobal a choimeád faoi smacht.

Samplaí corpais

  • Spriosán ab eadh Séamus agus thug muíntir na h-Éirean air an ainim ghrána a thuíl sé. Nuair a thuit Luimneach d'imthig fir armtha na h-Éirean anonn sa bhFrainc agus sa Spáinn agus do fágadh Éire fé chosaibh a namhad.

  • Bhí oiread áthais an uair sin air agus a bhí de ghruaim agus de dhiombádh air i gcaitheamh na haimsire a bhí caithte aige sa Chruinne sa chúinne thair thuaidh de'n Spáinn, ag brise a chroidhe ag feitheamh leis an gcabhair ná raibh ag teacht, agus ag cuimhneamh, do lá agus d'oidhche, ar an gcuma 'na raibh muíntir na hÉirean fé chosaibh a namhad agus gan ar a chumas féin teacht abhaile ag triall ortha ná aon mhaith á dhéanamh dóibh thall.

  • Is ar thiubaist an lae seo a mhairfidh cuimhne i gcroidhthibh Ultach go deó deó, agus i n-aigne Gaedheal. Ní gan chúis é. Tá Cúige Uladh fé chosaibh namhad. Táid na tighthe dá losgadh cheana féin agus na daoine dá marbhadh! Tá fuil Ultach ag rith le fánaidh agus mise fé ndeár é.

Crostagairtí

Samplaí breise