Gaois

ceangal na gcúig gcaol

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

ceangal, cúig, caol

Cur síos

Ceangal daingean docht a chur ar dhuine (go fisiciúil nó go meafarach).

Samplaí corpais

  • Ach isé rud a chuirean ar deargbhuile me 'ná an chuma 'n-a mbíon aicme daoine ag gabháil de chosaibh ionam, am ithe agus am' ídiú, agus aicme eile ag cur ceangail na gcúig gcaol orm mar a curfí ar chuirptheach fánaidhe n-a mbeadh rian an iarainn dhirig air.

  • Na daoine a bhí beó i n-Éirinn an uair sin agus gan acu ach an Ghaeluinn, is amhlaidh a bhí ceangal na gcúig gcaol ar a n-aigne chómh fada agus chuaidh gnóthaí saoghalta.

Samplaí breise