buí nó breac
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Bíodh aige; ar a rogha slí.
Samplaí corpais
Donchadh: Ach, 'sé an diabhal buídhe é. Tadhg: Sin mar atá an sgéal, bíodh sé buídhe nú breac agat. Donchadh: Is amhlaidh ba cheart iad do sguabadh, 'dir chorp ceart, amach as an oileán!
"Is cuma liom-sa," arsa Meadhbh, "cad é an dath a bheidh ar an sgéal acu nuair a raghaid siad abhaile go h-Eamhain. Bíodh sé breac nó buidhe acu an fhaid a bheidh siad abhfad uainn agus ná beidh aon bhaoghal go dtiocfaid siad thar n-ais."
Míniú breise
- Have it whatever way you like. Ní athraíonn sé an bunrud pé crot a chuireann tú air.
- Sin mar atá an scéal – take it or leave it; a bheag nó a mhór de.
- Sin é an fhírinne pé dath atá air.
- Is cuma cén croth, cén dath atá orthu.
- Dein do rogha rud leis. These are the facts but have it your way.
- Pé slí a fhéachfá air.