Gaois

barr méire a chur (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

barr, méar, cuir

Cur síos

Gan teagmháil ar bith a dhéanamh le rud nó le duine.

Samplaí corpais

  • Bhí na geinte deimhnightheach, nídh nár bh'iongna, go dtógfadh na Iúdaígh chucha féin pé saidhbhreas saoghalta a bhí ag na daoine a marbhuigheadh. Níor thógadar. Níor chuireadar bara méire ar aon phioc de chuid na ndaoine a marbhuigheadh.

  • "Á, a 'nghín," ar seisean, "ní thuigeann tusa an sgéal i n-aon chor. Sar a mbearraidh aoinne acu mise, beárrfad agus stracfad as na préamhchaibh an uile ruibe féasóige d'á bhfuil ar aoinne acu do mheasfadh barra méire do chur ar aon ruibe liom!"

  • "Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean. "Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa."

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.