tóin ná ceann a fháil (ar)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan chiall; gan bhun gan bharr.
Samplaí corpais
"Cad deirir leis an sgéal?" arsa Sitric le h-Amhlaoibh. "Ní féidir liom tón ná ceann a dh'fhághail air!" arsa Amhlaoibh. D'imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus ghluais sé chun siúbhail.
Ba dhóich le duine ortha gur bh'amhlaidh a fuaradar lasmuich i n-áit éigin í, agus í sa bhfanntais, agus gur thugadar leó isteach í chun í thabhairt as an bhfanntais. Sin mar a bhí an bhean abhrais ag machtnamh ar an sgéal, agus é ag teip uirthi tón ná ceann fhághail air.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
2. (a) Lowest part, underside. Níl tóin ná ceann le fáil agam air, I can't make head or tail of it.
níl tón ná ceann air, it is useless, muddled, etc.; ní féidir liom tón ná ceann do chur ar an scéal, I can make nothing of the story.
Tá an scéal 'na ré-bó-seárm agat. Níl bun ná bárr leis. Níl tón ná ceann air, acht é tré n-a chéile ar fad.