Gaois

a chuid fola (ar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

fuil, cuid

Cur síos

Bheith freagrach as bás duine.

Samplaí corpais

  • Agus d'fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.

  • Ba mheasa iad 'ná an Págánach, d'á olcas é. Do nigh an Págánach a dhá láimh os a gcómhair agus dúbhairt sé, "Táim-se saor," ar seisean, "ar fhuil an fhíoraoin seo. Bíodh a chuid fola oraibh-se." Agus do liúghadar-san, "Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár sliocht."

Úsáid

Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.

Míniú breise

  • Let us not me accused of his death/Ná bimís cointuighthe ina bhás.
  • Bheith freagrach as.