Gaois

le sála

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

sáil

Cur síos

Leanúint ghéar; dul ina dhiaidh.

Samplaí corpais

  • Tuille againn agus é socair i n-ár n-aigne againn nárbh fhearr riamh é. Cuid againn 'á rádh má imthighean an Ghaoluinn ná beidh ionainn choidhche ach maidiríní laithighe ag sodar le sálaibh Shasana.

  • Tar éis an chatha san tháinig Essecs go Cill Mo-chealllóg, agus na Gaeraltaigh le n-a shálaibh go teith.

  • Bhí a chualacht féin ag gluaiseacht le sálaibh gach Críost bhréagaigh acu agus cualacht mhór líonmhar ab eadh gach cualacht díobh, agus bhí fuath fíochmhar idir gach dá chualacht díobh.

Samplaí breise