Gaois

casadh ar a sháil

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

sáil, cas

Cur síos

Athrú intinne; cúl a thabhairt do rud.

Samplaí corpais

  • Dá bhféadainn-se breith ar dhá chluais air agus a cheann a thógáilt anáirde agus a aghaidh do thabhairt ar an bhfírinne agus a chur fhiachaint air í bhreithniú go cruinn, dá bhféadainn a thiomáint isteach i n'aigne gur tarcuisne agus míchlú agus droch-mheas ó íseal agus uasal atá aige dhá thabhairt air féin, i n-inead aon ghalántachta, ba dhóich liom go gcuirfadh an dúil chéadna úd fhiachaint air casadh ar a sháil agus dul i ndiaidh na fíor uaisleachta.

  • Iompuigh, a Chríosdaidhe, iompuigh ó'n bhfuadar atá fút. Cas ar do sháil. Cas an fhaid atá ar do chumas casadh. Cas sar a' mbéidh sé ró dhéanach. Ní fheadaraís ná go dtiocfadh an bás ort sar a dtagaidh an oídhche ort.

Crostagairtí

Samplaí breise