Gaois

gan anam gan anáil

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

anam, anáil

Cur síos

Ciúin; airdeallach.

Samplaí corpais

  • Thugadar deoch eile d' fhíon an rígh dhó agus bhíodar ag tathant air choídhche go dtí go mb'éigean dó géilleadh. Ghleus sé an phíb. Theann sé an mála. D'éist an chuideachta fé mar bhéidís gan anam gan anál. Ba ghearr gur h-airigheadh mar bhéadh gnúsachtach bhreagh bhog réidh ag gluaiseacht mór-thímpal an tíghe lasmuich.

  • Nuair a bhí sé tamall ag seinnt bhí an fhearg soir siar agus an chuideachta go léir fé mar a bheidís fé dhraoidheacht aige, agus iad mar bheidís gan anam gan anál, ag éisteacht leis an gceól.

  • Ba ghearr go raibh an uile dhuine de'n chuideachtain chómh ciúin agus dá mbéidís gan anam gan anál, ag éisteacht le ruith bhfocal, agus le h-aoibhneas an ghutha, agus le brígh na cainte.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.