faoina fhiacla
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Monabhar íseal cainte.
Samplaí corpais
Ní gádh dhó labhairt amach. Ní beag dó an focal do rádh fé n' fhiacalaibh. Ach tá ceangailte air, do réir dlighe na ridireachta, focal de'n tsórd do rádh léi.
Ansan do mharbhuighmair na caoire agus do dhoirteamair an fhuil isteach sa pholl agus tímpal air agus an fhaid a bhíomair á dhéanamh san bhí Mítróbarsánés ag duanaireacht agus ní fén' fhiacalaibh é ach ag búirthigh chómh h-árd agus d'fhéad sé é, agus an tóirse ar lasadh aige 'n-a láimh, agus é ag glaodhach ar na deamhnaibh go léir, ar chómhachtaib na bpian, agus ar na fíochaibh, ar Hechaté na h-oidhche, agus ar an Peirsephoné uathbhásach; agus focail éigin fhada iasachta dothuisgionta aige 'á mheasgadh ar a chainnt.
Ní beag liom de'n bhalsam! Cimeád agat féin é i n-ainim an diabhail dó! Dubhairt sé an focal deirineach san fé n' fhiacalaibh. Thog sé an crúsga ó Mharitornés agus chuir sé chun a bhéil é.
Crostagairtí
Samplaí breise
Rud a rá faoi d'fhiacla, to mutter something.
He said under, below, his breath, dúirt sé faoina anáil, i gcogar, faoina fhiacail.
labhraim fá'm fhiaclaibh (or fhiacail), I speak almost inaudibly;