Gaois

an focal deireanach

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

focal, deireanach

Cur síos

Focal scoir; an rud deiridh a deirtear i gcomhrá nó in argóint.

Samplaí corpais

  • Ní h-é an chéad fhocal é a dubhradh ad' choinnibh, ná ní focal é ná dubhradh riamh roimis seo ad' choinnibh, mar ní h-é an focal dheirineach é a déarfar ad choinnibh, má mhaireann tú abhfad.

  • "Ach, a dhuin'uasail," arsa Sanchó, "nách cuimhin leat súd? Ní ridire mise, a dhuin'uasail, agus ní réidhtigheann an balsam ach le ridire. Ní beag liom de'n bhalsam! Cimeád agat féin é i n-ainim an diabhail dó!" Dubhairt sé an focal deirineach san fé n'fhiacalaibh.

  • Ní déanfar aon cheataighe do riaghaltaibh ná do ghnóthaíbh an chreidimh mar ní corrófar oiread agus aon chloch amháin de'n tseana theampul go dtí go mbeidh an uile bhlúire d'adhbhar an teampuil nua anso ar an bhfód. Do chuir an focal deirineach san suaineas aigne ortha.

Samplaí breise