Gaois

taobh síos suas (agus taobh soir siar)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

síos, suas, taobh

Cur síos

Droim ar ais; bun os cionn.

Samplaí corpais

  • Mura mbéadh an dubh a theacht ar na prátaí agus an droch shaoghal do theacht i ndiaigh an duibh, ní deirim 'ná go mbéadh sé ábalta ar an méid sgolaidheachta a bhéadh riachtanach do thabhairt dom. Ach d'iompuigh an droch shaoghal gach aon rud taobh síos suas. Agus rud ab iongantach, isiad na feirmeóirí móra láidire do thuit ar dtúis.

  • Deinean tú gnó saoghalta de ghnó Dé. Iompuigh an sgéal go léir, taobh síos suas, agus dein gnó Dé de gach gnó saoghalta, agus ansan beidh an gnó go léir agat d'á dhéanamh ar áilleacht agus gan ort ach an t-aon Mháighistir amháin.

  • Nuair a shrois na teachtairí na cúigí agus na catharacha ar fuaid na rígheachta agus nuair a thaisbeánadar na leitireacha, agus séala an rí ortha, agus iad ag bréagnú na leitireach a tháinig roimis sin ó Aman, bhí iongna ar na taoiseachaibh agus ar uachtaránaibh na gcatharach. Bhí gach aon rud iompuighthe láithreach taobh síos suas agus taobh soir siar.

Samplaí breise