Gaois

ó dhubh go dubh

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

dubh

Cur síos

Ó mhaidin go hoíche; ó éirí go luí na gréine.

Samplaí corpais

  • Na daoine ar mhullach a gcinn ag obair ó dhubh go dubh agus ó cheann ceann de'n bhliain, agus an uile bhlúire de thoradh na sglábhaidheachta go léir agus de thoradh an alluis go léir ag imtheacht sa chíos.

  • Bhíodar sásta, agus ba chreideamhaint leo é, bheith ag obair ó dhubh go dubh ar bheagán bídh agus fé bheagán éadaig, ach go bhféadfidís an cíos a dhéanamh.

  • Is eól dúinn go léir gur minic le feisgint Críosdaidhthe fóghanta, daoine macánta, diadha, agus iad ag obair ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn, agus pé cor a thabharfaidís dóibh féin ná féadfaidís aon rud i bhfuirm saidhbhris do chnuasach ná chur le chéile.

Crostagairtí

Samplaí breise